Iarracht ar YouTube le ‘reconstructed faces’ chun 22 bean a fuair bás go foréigneach a aithint

Chruthaigh póilíní físeán YouTube le aghaidheanna atógtha (reconstructed faces) agus agus iad ag iarraidh chabhair chun 22 bean a bhfuarthas a gcorp a aithint.

Tá said á lorg na marfóirí.

f09f948e operation identify

An físeáin ar YouTube (clic anseo)

Fuarthas na coirp sa Ghearmáin, sa Bheilg agus san Ísiltír ach d’fhéadfadh gur tháinig siad ó aon tír, thar thréimhse 43 bliain.

D’athchruthaigh Interpol, an fórsa póilíneachta idirnáisiúnta, pictiúir de na mná tragóideacha ag baint úsáide as atógálacha aghaidhe (facial reconstructions).

Fuair an chuid is mó acu bás go foréigneach, bhí cuid acu gearrtha ina bpíosaí, léirigh cuid acu comharthaí mí-úsáide nó ocras. Fuarthas an ceann deireanach I 2019.

Téann an ceann is sine de na cásanna siar go dtí 1976. Fuarthas a corp in aice le mhórbhealaigh (highway) an A12 san Ísiltír. Creidtear go raibh sí idir 13 agus 20 bliain d’aois nuair a fuair sí bás.

SCÉAL EILE: Saighdiúir gafa maidir le ionsaí a líomhnaítear ar bhean ag beairic mhíleata i mBaile Átha Cliath

Creideann póilíní gur b’fhéidir gur fágadh cuid de na coirp sa Bheilg, san Ísiltír agus sa Ghearmáin ach nár maraíodh sna tíortha sin iad. Creideann siad go raibh na marfóirí (killers) ag iarraidh mearbhall (confuse) a chur ar na póilíní.

Tá súil ag bleachtairí más féidir le daoine a insint dóibh cé hiad na mná seo b’fhéidir go mbeidh siad in ann a gcuid marfóirí a ghabháil.

‘In imscrúduithe comhchosúla (similar investigations), ba é an toradh a bhí ar aitheantas an íospartaigh (victims) ná duine a raibh amhras faoi a ghabháil,’ a dúirt Anja Allendorf, ó phóilíní na Gearmáine.

Tá sonraí faoi gach cás á bpoibliú ag Interpol ar a shuíomh Gréasáin (clic anseo).

Chomh maith le hathchruthuithe aghaidhe ar chuid de na mná, tá íomhánna de tatúnna, seodra (jewellery) agus nithe eile a fuarthas lena n-iarsmaí (remains).

Dúirt Susan Hitchin, a chomhordaíonn aonad DNA Interpol, go bhféadfadh aithint na mban cabhrú lena mbaill teaghlaigh.

‘Is uafásach an rud é dul ar aghaidh na blianta seo ar fad gan aon nuacht a bheith agat, gan a fhios agam cad a tharla,’ dúirt sí..

‘Tá súil agam go mbeidh ball den phobal in ann gnéithe nua a thabhairt a d’fhéadfadh na póilíní a úsáid chun teach tar eolas faoi na n-íospartach seo.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram