No Go: Tánaiste agus iar-cheannaire an CLG (GAA) ag gearán faoi GAAGO agus táillí ar chluichí ar an teilifís

Tá an Tánaiste agus iar-cheannaire an CLG (GAA) ina measc siúd atá ag iarraidh ar an CLG stop a chur le táillí a ghearradh ar chluichí móra ar an teilifís.

Tá fearg ar lucht tacaíochta an CLG le Páirc an Chrócaigh mar go bhfuil cuid de chluichí móra an tséasúir caillte acu mar nach bhfuil siad ar an teilifís in aisce (free).

Níor taispeánadh dhá chluiche mhóra iomána do lucht féachana ar fud na tíre.

I mbliana, don chéad uair, tá an CLG, in éineacht le RTÉ, tar éis roinnt cluichí a chur ar GAAGO ionas gur féidir leo táille a ghearradh orthu.

GAA cork v tipp
An cluiche le Corcaigh in aghaidh Tipp

Mothaíonn go leor de na lucht leanúna go bhfuil siad ligthe síos ag CLG agus go go minic is iad baill de na clubanna, ag obair go deonach ag leibhéal áitiúil.

Agus tá cúrsaí chomh dona sin go bhfuil idirghabháil déanta ag an Tánaiste Micheál Martin agus daoine eile.

Tá iarrtha acu ar CLG agus RTÉ a chinntiú go dtaispeánfar níos mó cluichí ar an teilifís in aisce.

SCÉAL EILE: Craobh na hÉireann: Sceideal
na gcluichí do pheil na bhfear sinsearach

Dúirt Seán Kelly, Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael agus iar-uachtarán an CLG, nárbh é ‘an polasaí is fearr’ é.

Dúirt sé gurbh ionann an socrú agus filleadh ar ‘mhonaplacht’ (monopoly) ina raibh gach ceart ag RTÉ ar na cluichí.

Cuireadh leis an gcáineadh thar an deireadh seachtaine nuair nár taispeánadh roinnt cluichí chraobh iomána na Mumhan ar RTÉ, agus nach raibh ar fáil ach GAAGO.

SCÉAL EILE: Suspension 48 seachtaine
tar éis mí-úsáid chiníoch in aghaidh Lee Chin

Dúirt an tUasal Martin gurb é an ‘dearcadh pearsanta’ atá aige le fada an lá nár cheart go gcuirfí táillí breise ar lucht leanúna féachaint ar chluichí CLG ar líne.

‘Ba mhaith linn go bhfeicfidh níos mó daoine an iománaíocht á himirt mar a bhí ar an Satharn le Corcaigh agus Tipp agus an tseachtain seo caite leis an gClár agus Luimneach – is rud é ar cheart athbhreithniú a dhéanamh air.

‘Sílim gur chóir go mbeadh na cluichí saor ar an aer… agus is é an cluiche iomána is mó a chaill daoine mar níl sa chluiche iomána ar a dhícheall ach clasaiceach agus is cuma cén rogha atá ag duine ar aon chód nó spórt, is breá le gach duine a bheith ag féachaint ar cluiche iontach iomána.’

Dúirt sé: ‘Bhí dhá chlaiseach againn anois ó thaobh chluiche an Chláir in aghaidh Luimnigh an deireadh seachtaine seo caite agus cluiche Chorcaí in aghaidh Thiobraid Árann tráthnóna Dé Sathairn agus is cosúil nach bhfuair lucht féachana suntasach rochtain ar na cluichí sin.’

Dúirt urlabhraí ó RTÉ gur leis an CLG na cearta don Chraobhchomórtais agus go ndéanann siad ‘cinntí ar conas a bhronntar na cluichí seo ar na meáin’.

Dúirt sí: ‘Tá ríméad ar RTÉ gur bronnadh 31 cluiche air tar éis ár n-iarratas rathúil. Rinne RTÉ an infheistíocht seo chun na cluichí seo a sheachadadh in aisce do phobal na hÉireann.’

Dúirt sí go bhfuil níos mó cluichí beo ar RTÉ anois ná mar a bhí riamh.

Dúirt urlabhraí de chuid CLG an deireadh seachtaine seo caite go raibh an dá shliotán saor go haer a bhí ag RTÉ ‘lánaithe ag dhá chluiche ceannais peile na cúige’. Dúirt sé freisin: ‘Níl aon chomhpháirtí craolta trastíre / saor go haer eile againn mar sin mura raibh sé clúdaithe ag GAAGO, ní bheadh sé ar fáil d’aon duine le féachaint air.’

Tá GAAGO faoi chomhúinéireacht RTÉ agus CLG.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram