Suspension 48 seachtaine tar éis mí-úsáid chiníoch in aghaidh Lee Chin

Tá fionraíocht (suspension) 48 seachtaine curtha ar an duine atá freagrach as mí-úsáid chiníoch captaen Loch Garman Lee Chin, le linn cluiche in aghaidh Thiobraid Árann.

Tuigtear gur thug an Lárchoiste Smachta na gComórtas (Central Competitions Control Committee, an CCCC) de chuid an Cumann Luathcleas Gael an smachtbhanna (sanction) níos luaithe an tseachtain seo.

Tharla an eachtra le linn an chluiche i gCarraig na Siúire, agus an dá fhoireann imreoirí gafa le ‘scuffle’ taobhlíne sular sheol an ball den lucht féachana ionsaí ó bhéal.

Lee Chin Incident 2 1168x681 1
Tharla an eachtra le linn an chluiche i gCarraig na Siúire, agus an dá fhoireann imreoirí gafa le ‘scuffle’ taobhlíne

Chuir an réiteoir John Keenan stop leis an gcluiche i ndiaidh na heachtra, agus tá an cosc (ban) a d’eisigh an Lárchoiste Smachta na gComórtas (CCCC) don bhall den lucht féachana bunaithe ar thuarascáil an oifigigh chomh maith le fianaise físe.

Mar bhall den CLG, tá litir leithscéal scríofa ag an gciontóir chuig Chin as a chuid tuairimí.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Paul Flanagan Ambasadóir na Gaeilge ag CLG do 2023

Cháin CLG Loch Garman agus Thiobraid Árann tuairimí an duine láithreach tar éis an chluiche.

In áiteanna eile, léirigh réaltaí reatha agus iar-réaltaí CLG a dtacaíocht don déréalta i Loch Garman.

Lee Chin 3 1168x681 1
léirigh réaltaí reatha agus iar-réaltaí CLG a dtacaíocht don déréalta i Loch Garman Lee Chin

Dúirt iar-réalta na Gaillimhe Joe Canning nach bhféadfadh an ciníochas ‘aon pháirt’ a imirt sa CLG agus mhol peileadóir an Chláir Ikem Ugwueru freagairt ‘den scoth’ fhoireann Chin ó Loch Garman.

Luaigh sárimreoir Bhaile Átha Cliath, Jason Sherlock, Chin mar cheann de na fáthanna a labhair sé féin amach in aghaidh an mhí-úsáid ciníoch a fuair sé le linn a ghairm bheatha leis na Boys in Blue.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram