Coimhlint oscailte anois idir Virgin Media agus RTÉ faoi chluichí ar GAAGO

Tá coimhlint oscailte tosaithe idir Virgin Media agus RTÉ faoi chluichí CLG ar an teilifís agus ar GAAGO.

Tagann sé i ndiaidh ráitis ó Virgin Media ag rá nach ndeachaigh CLG leo nuair a tháinig deireadh le comhaontú Sky Sports do chluichí CLG an fómhar seo caite.

Dúirt Virgin: ‘Nuair a chinn Sky Television gan a chearta CLG a athnuachan, níor chuaigh CLG i dteagmháil le craoltóirí eile lena fháil amach an mbeadh suim acu sna cluichí seo a chraoladh ach shocraigh siad go treallach iad a chur taobh thiar de bhalla pá.’

Sé sin gur chuir siad na cluichí ar GAAGO.

Declan McBennett Sunday Game 1
Declan McBennett

‘Caithfear an cheist a chur, ar íoc RTÉ aon rud as na cearta seo nó ar aontaigh siad iad a choinneáil taobh thiar de bhalla pá chun ioncam incriminteach a thiomáint don dá chomhpháirtí i GAAGO. Sé sin RTÉ agus CLG.’

Mar sin féin, dhiúltaigh ceannasaí spóirt ghrúpa RTÉ Declan McBennett d’aon mholadh go bhfuair RTÉ rochtain eisiach (exclusive) ar chluichí CLG trí GAAGO.

I mbeart cúig bliana a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair seo caite, choinnigh RTÉ 31 chluiche beo, agus tugadh cearta do GAAGO 38 cluiche: 22 cluiche ceannais peile, naoi gcinn ón gcraobh iomána agus seacht gcluiche Chorn Tailteann.

Dúirt McBennett: ‘An bhfuaireamar rochtain eisiach (exclusive)? Is ceist don CLG é leithdháileadh (allocation) na gceart, faoi mar atá sé le UEFA, mar atá sé leis an IOC, mar atá sé leis na Sé Náisiún, eagraíocht ar bith.’

Dúirt sé: ‘Maidir leis an méid a d’íoc GAAGO, d’íoc siad, agus d’íoc siad méid suntasach.’

Dúirt sé, áfach, gur socrú atá ‘sensitive’ ó thaobh na tráchtála de.

Is le CLG agus RTÉ atá GAAGO.

An deireadh seachtaine seo caite, don dara deireadh seachtaine as a chéile, níor craoladh cluiche mór craobh na Mumhan saor in aisce, agus craoladh an cluiche idir Corcaigh agus Tiobraid Árann i bPáirc Uí Chaoimh ar GAAGO.

An deireadh seachtaine roimhe sin, bhuaigh an Clár ar sheaimpíní na hÉireann, Luimnigh, i gcluiche iontach sna Gaelic Grounds, a craoladh ar GAAGO freisin.

Tá sé ráite ag beirt iar-uachtarán CLG Liam O’Neill agus Seán Kelly gur cheart don CLG an socrú a athrú. Agus tá athrú iarrtha ag ceannairí na dtrí pháirtí rialtais freisin.

Ach dhiúltaigh McBennett freisin d’aon mholadh go raibh RTÉ agus CLG ag roghnú cluichí ardphróifíle chraobh iomána na Mumhan chun síntiúis ar ardán GAAGO a thiomáint.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram