Faitíos faoi líon na ndaoine atá tugtha do ‘painkillers’ ina bhfuil cóidín

04/05/2023

Tá faitíos atá ag dul i méid faoi líon na ndaoine atá tugtha do phianchúcháin (painkillers) ina bhfuil cóidín. Thaispeánann figiúirí nua gur tháinig méadú níos mó ná an cúigiú cuid ar a n-úsáid.

Dúirt TD de chuid Fine Gael, Colm Burke, go léiríonn na figiúirí ardú 22% ar oidis (prescriptions) do dhrugaí le cóidín, a eisítear trí na trí phríomhscéim drugaí poiblí.

Léiríonn sé níos mó ná 1.1 milliún oideas cóidín a eisíodh anuraidh.

In 2022, chuala an Dáil gur éirigh máthair óg de bheirt andúile (addicted) le pianmhúchán thar an gcuntar ina raibh cóidín, agus fuair sí bás dá bharr.

Colm Burke feat1 768x441 1
Colm Burke

Agus fuair fear meánaosta bás le déanaí de bharr aimhréití (complications) a bhain le ró-úsáid chóidín.

Beidh a bhás mar fhócas ag ionchoisne (inquest) cróinéara an bhliain seo chugainn.

Tá athbhreithniú ar siúl cheana féin ag an Údarás Rialála Táirgí Sláinte (Health Products Regulatory Authority, HPRA) – ach thug an tUasal Burke foláireamh go gcaithfear tosaíocht a thabhairt don athbhreithniú agus é a thabhairt chun críche mar ábhar práinne.

Pianmhúchán láidir andúile is ea cóidín agus léiríonn na figiúirí gur eisigh dochtúirí breis agus milliún oideas lena aghaidh faoi scéimeanna poiblí drugaí anuraidh.

Sin ardú le cois 17% ó 2018.

Deir an tUasal Burke de bhrí nach bhfuil ar fáil faoi láthair ach figiúirí na scéimeanna poiblí go gcaithfidh sé go bhfuil na figiúirí iomlána níos airde fós.

Níl oidis a n-íoctar astu go príobháideach ná ábhar cóidín is féidir a cheannach gan oideas curtha san áireamh sna figiúirí atá faighte aige.

Deir sé gur fadhb í le fada an mhí-úsáid a bhaintear as cóidín.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram