Lámh in uachtar ag an siopadóir … cogadh praghsanna ar im

Tá cogadh praghsanna sna hollmhargaí ag gearradh praghas an ime, tar éis ciorrú ar phraghas an bhainne ag an deireadh seachtaine.

Tar éis titim fhorleathan i bpraghas an bhainne ar fud na bpríomh-ollmhargaí thar an deireadh seachtaine, bainfidh siopadóirí  i roinnt ollmhargaí leas as titim i bpraghas an ime freisin.

Dúirt SuperValue, Tesco, Aldi agus Lidl go laghdóidh siad costas a bhranda ime féin faoi 40c in aghaidh an phacáiste 454g (punt), agus é á dul go dtí €2.99 ó €3.39.

Bread Butter 768x448 1
Healthy wholemeal toast with butter.

Tráthnóna Dé hAoine seo caite, d’fhógair Lidl Ireland an chéad ghearradh ar phraghsanna bainne agus thar na huaireanta ina dhiaidh sin, d’fhógair na príomh-ollmhargaí eile ciorruithe ar phraghsanna bainne freisin.

Is dea-scéala níos mó é do siopadóirí ar cuireadh iachall orthu mar gheall ar rátaí boilscithe bia (food inflation), atá i bhfad níos airde ná an ráta ginearálta boilscithe in Éirinn.

Tá méadú tagtha ar phraghas bainne, im agus uibheacha le bliain anuas.

Tháinig ardú 13% ar bhoilsciú bia agus dí – gan alcól san áireamh – sna 12 mhí go dtí mí an Mhárta, agus d’ardaigh praghas uibheacha, ime, bainne agus siúcra níos mó ná 20%.

D’fhéadfadh feabhas beag a bheith ann do shiopadóirí mar a mhoilligh boilsciú praghsanna grósaeireachta don chéad uair le dhá bhliain an mhí seo caite, cé go bhfuil praghsanna fós ag ardú i ndigití dúbailte.

Léiríonn figiúirí ó Kantar go bhfuil boilsciú bia iompaithe, ach go bhfuil sé fós ag 16.6% sna trí mhí go dtí an 16 Aibreán.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram