An oíche a chan Jerry Springer Elvis do lucht féachana RTÉ

Nuair a tuairiscíodh scéala faoi bhás an láithreora teilifíse Meiriceánach Jerry Springer, bhí Éireannaigh ag cuimhneamh ar an oíche a chan sé Elvis ar RTÉ.

Bhí cáil ar Springer, a bhí 79 bliain d’aois, as seónna ina raibh neart feirge agus fiú troideanna uaireanta.

Chuir a chuid seónna baill teaghlaigh i gcoinne a chéile i gcoimhlintí faoi chúrsaí atharthachta (paternity) agus comhpháirtithe caimiléireachta (cheating partners).

Agus bhí cáil air mar gheall ar na seónna sin.

Ach is beag duine a thuig go raibh tallann aige san amhránaíocht tar éis dó a bheith le feiceáil ar an gclár teilifíse Ray D’Arcy ar Lá Fhéile Pádraig i 2018.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO Cáit atá ar súil anseo? Ceithre choileán
Corcaigh ag lorg ainmneacha ón bpobal … le duais fhiáin

Do lucht féachana a bhí gléasta  don ócáid le ‘feather boas’ glasa agus hataí le sequin chan Springer clasaiceach Elvis, Can’t Help Falling in Love.

Agus níorbh é sin an t-aon am a bhí sé ar an teilifís anseo. Bhí sé ar All Round To Mrs Brown’s Boys freisin.

Jerry Springer2 1168x681 1

Le linn an tseó, d’fhéach Jerry siar ar chuid dá chuid aíonna is suntasaí lena n-áirítear duine a bhí ag iarraidh capall a phósadh.

Labhair sé freisin faoina dóchas a bhí aige seasamh ar son Uachtarán na Stát Aontaithe, rud a spreag canadh ‘Jerry, Jerry, Jerry’ ón lucht féachana, ach ní raibh sé le bheith mar gur rugadh é sa Bhreatain, Mar sin ní raibh cead aige.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Lá Mór na Gaeilge, Dé Domhnaigh seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath

Fuair Jerry bás Déardaoin ina theach cónaithe i Chicago. Tuairiscíodh gurb é ailse pancreatach a chúis bháis.

Bhí sé ag troid leis an tinneas sna míonna roimh a bhás.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram