Moladh Éireannach a fuair bás ag troid in aghaidh arm na Rúise san Úcráin mar ‘true superhero’, a throid in aghaidh Isis freisin.
Maraíodh Finbar Cafferkey, a bhí ina 40idí, agus as Oileán Acla (Achill Island), Co. Mhaigh Eo, in aicsean an tseachtain seo.
Thaistil an fear ó Mhaigh Eo go dtí an tSiria freisin le dul i ngleic le Isis in 2017.
Tá sé ar an dara Éireannach a fuair bás san Úcráin ó thosaigh ionradh na Rúise i mí Feabhra na bliana seo caite.
Fuair Rory Mason, 23, as Co. na Mí, bás i mí Dheireadh Fómhair.
Chuir cara an Uasail Cafferkey Benjamin Nunn síos ar Finbar mar ‘superhero’.
Dúirt sé: ‘Is laoch agus cara liom é Finbar Cafferkey. Lean sé i gcónaí leis an méid a chreid sé ann.
‘Chaill an domhan “true superhero” an tseachtain seo. Smaoinigh air agus lean a shampla i do shaol féin.’
Ghlac an tUasal Cafferkey páirt freisin in agóidí Shell To Sea i gcoinne thionscadal Gás na Coiribe agus moladh é as a chuid oibre daonnúla agus feachtais ar chúiseanna ceartais shóisialta.
Sna blianta ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé i gCóbanhávan (Copenhagen) ar thionscadal tógála.
Ní léir cén chaoi a fuair se bás go foil ach dheimhnigh a athair Tom a bhás ag teach an teaghlaigh i gCaiseal, Acaill, inné.
Dhiúltaigh an tUasal Cafferkey mionléiriú ar bhás a mhic nó aon trácht breise a thabhairt ag an am sin.
LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Ná roinn íomhánna,’ a phléadáil póilíní
tar éis trí bhas i dtimpiste uafásacha
‘Tá brón orainn… is ábhar príobháideach é. Níl mé ag iarraidh rud ar bith a rá níos mó,’ a dúirt sé.
Tá Oileán Acla, áit a bhfuil an-mheas ar muintir Cafferkey, nimhneach le brón ó tháinig an scéal amach.
Dúirt duine áitiúil amháin: ‘Bhí muid dóchasach nach raibh an t-eolas fíor. Anois go bhfuil bás Finbar deimhnithe tá muid fíor-chráite.’
Labhair daoine eile ar Oileán Acla faoi thiomantas Finbar do chúiseanna daonnúla agus comhshaoil.
Fear prionsabail ab ea Finbar,’ dúirt oileánach eile. ‘Tá a fhios agam gur oibrigh sé timpeall ocht mbliana ó shin ar an teorainn idir an Ghréig agus an Mhacadóin ag cabhrú le himircigh a tháinig amach as na binsí.
‘Ba mhór an t-iontas é nuair a fuaireamar amach ó thuairiscí nuachtáin go raibh sé ag troid sa tSiria. Agus ní raibh a fhios ag aon duine timpeall anseo, ach amháin b’fhéidir a theaghlach, go raibh sé san Úcráin.
LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO Dlúthchaidreamh idir Sinn Féin
agus an royal family ag fás, le Michelle O’Neill ag freastal ar an gcorónú
‘Tá a fhios agam go bhfuil imní ar ghaolta faoina sábháilteacht thar na blianta. Bhí imní ar leith ar a theaghlach.’
Chuir lucht feachtais a chuir in aghaidh críochfort agus píblíne Gáis na Coiribe a gcomhbhrón in iúl do mhuintir Cafferkey agus do phobal áitiúil Acaill as a gcaillteanas brónach.
LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Lá Mór na Gaeilge, Dé Domhnaigh seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath
‘Is scéal brónach é,’ a dúirt Pat O’Donnell, ball mór le rá den fheachtas Shell To Sea a cuireadh i bpríosún as a ghníomhaíocht. Mheabhraigh an tUasal O’Donnell Finbar mar ‘duine maith, duine Iontach don chraic’.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.