‘Ná roinn íomhánna,’ a phléadáil póilíní tar éis trí bhas i dtimpiste uafásacha

28/04/2023

Fuair triúr bás agus gortaíodh ceathrar eile i dtimpiste bhóthair uafásach díreach roimh dheireadh seachtaine na saoire.

Agus chun cur le pian a dteaghlaigh bhí ar na póilíní pléadáil le daoine gan íomhánna den timpiste a roinnt.

Chuir comhairleoir áitiúil DUP Mark Robinson, feirmeoir a chónaíonn gar don áit ar tharla an timpiste, síos ar an láthair mar ‘carnage’.

Bhí grúpa mór daoine a bhí ag taisteal le chéile páirteach san imbhualadh ina raibh leoraí agus mion-veain i gContae Thír Eoghain (Tyrone).

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Ná bac le Peig Sayers, a deir na Glasaigh
, ag magadh faoi Teachtaí Dála
neamhspleácha na tuaithe

Ní fios cén riocht atá ar an gceathrar atá san ospidéal.

Tharla an timpiste ar an A5 ag Tulaigh Bharra (Tullyvar) díreach taobh amuigh de shráidbhaile Achadh na Cloiche (Aughnacloy) agus glaodh ar na seirbhísí éigeandála thart ar 7.20rn.

Faraor, bhí ar an PSNI achomharc a dhéanamh ar an bpobal gan íomhánna míchuí ó láthair na timpiste a roinnt.

I ráiteas, dúirt an PSNI go raibh a fhios acu go raibh ‘grianghraif míchuí a tógadh de láthair an imbhuailte marfach’ á roinnt ar na meáin shóisialta agus ar ardáin eile.

tyrone crash 1168x681 1

Phléadáil siad, ar mhaithe le cairde agus baill teaghlaigh, gan na pictiúir a roinnt.

Dúirt an Ceannfort an PSNI i gCeantar Lár Uladh, Mervy Seffen: ‘Tá a mbeatha caillte ag triúr san imbhualadh tragóideach seo agus tá ár smaointe lena muintir agus lena gcairde inniu.

‘Ná cuir lena gcruachás trí na híomhánna seo a fheiceáil nó a roinnt,’ a dúirt sé.

Dúirt Comhairleoir Robinson: ‘Tá an chuma ar an scéal go raibh mionbhus de shaghas éigin agus leoraí ann. Is scéal fíor tragóideach é do na teaghlaigh agus téann ár smaointe agus ár nguí amach chucu ag an am seo.’

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Suspension 48 seachtaine tar éis
mí-úsáid chiníoch in aghaidh Lee Chin

Dúirt sé go bhfuil an chuma ar an scéal nach raibh na daoine a bhí páirteach sa timpiste áitiúil sa cheantar seo.

‘Tá sé curtha in iúl dom gur “carnage” a bhí ann, nuair a tháinig na foirne ag an timpiste.

‘Tharla sé díreach tar éis a seacht a chlog. Sílim gur radharc uafásach a bhí ann do gach éinne a bhí páirteach ann agus téann ár smaointe amach chuig an bpearsanra sin a bhí ag cuidiú leo.’

Dúirt David Nichol, Ceannasaí Limistéir an Iarthair ar Sheirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann (Northern Ireland Fire and Rescue Service ,NIFRS), gur glaodh chuig an láthair iad ag 7.21rn, in éineacht le Seirbhís Otharcharranna Thuaisceart Éireann agus an PSNI.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
An oíche a chan Jerry Springer
Elvis do lucht féachana RTÉ

D’fhreastail trí fhearas dóiteáin ar an láthair agus d’úsáid siad trealamh gearrtha chun daoine a shábháil óna gcuid feithiclí.

Dúirt an tUasal Nichol go raibh a chomhbhrón ó chroí le teaghlach agus cairde an triúr a chaill a mbeatha.

Dúirt MLA áitiúil Shinn Féin d’Fhear Manach agus do Thír Eoghain Theas (Fermanagh and South Tyrone), Colm Gildernew, go bhfuil sé ag smaoineamh faoi gach duine a bhí páirteach san eachtra thragóideach.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO
Lá Mór na Gaeilge, Dé Domhnaigh seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath

Dúirt sé go raibh an iliomad básanna ar an bpíosa bóthair sin san am a chuaigh thart.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram