Tá muidne in Éirinn ag íoc níos mó i bpraghsanna AGUS i gcánacha

Tá daoine in Éirinn ag íoc níos mó i bpraghsanna agus i gcánacha, de réir tuarascála nua ón OECD.

Tá gnáth dhaoine ag íoc níos mó cánach ar a gcuid pá chomh maith le praghsanna níos airde mar gheall ar bhoilsciú, a deir sé.

Tá sé léirithe i dtuarascáil nua go bhfuil daoine a bhfuil an t-ádh orthu ardú pá a fháil –  chun íoc as cuid den chostas breise a bhaineann le bia, fuinneamh agus costais mhaireachtála – fós thíos leis.

taxCouple Bill 2
Tá gnáth dhaoine ag íoc níos mó cánach ar a gcuid pá chomh maith le praghsanna níos airde mar gheall ar bhoilsciú

Sin toisc go bhfuil siad ag bogadh isteach i réim chánach (tax bracket) níos airde agus mar sin tá orthu íoc faoi dhó – ar dtús do na praghsanna níos airde; agus ansin le níos mó cánacha.

Is í an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (Organisation for Economic Co-operation and Development, OECD), an comhlacht idirnáisiúnta de 38 dtír dhaonlathach a thugann comhairle ar an mbealach is fearr chun geilleagar a reáchtáil, a rinne an tuarascáil.

Léiríonn sé go bhfuil praghsanna imithe in airde ach nach bhfuil na bandaí cánach do na gnáthoibrithe ardaithe. Tháinig ardú 8.4% ar phraghsanna anuraidh, ach tháinig laghdú 3.3% ar fhíorphá (real wages) toisc nach raibh arduithe ar fhíorphá ag teacht le harduithe praghais.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO Comhlachtaí fuinnimh ag
cur billí chuig custaiméirí fiú má tá a gcuntais sochar le na céadta euro sa bhreis

Chuir an OECD síos air seo mar ‘bhuille dúbailte d’oibrithe’, ina thuarascáil, Taxing Wages.

De réir mar a tháinig ardú ar ioncam, níor tháinig ardú ar na bandaí chánach leis na harduithe sin, rud a chuir go leor daoine isteach i réim cánach níos airde. Ciallaíonn sé seo, cé gur ardaigh an meánphá réamhchánach (average pre-tax wage) in Éirinn faoi 4.8% go €54,649 anuraidh, fós thit an méid a bhí ar fáil do dhaoine, tar éis boilsciú (inflation) a chur san áireamh.

Is é an ráta boilscithe reatha ná 7.7%, atá beagnach ceithre oiread sprioc an Bhainc Cheannais Eorpaigh (European Central Bank) atá ‘thart ar 2%’.

Deir an tuarascáil an OECD go n-athraíonn níos lú ná leath, nó 17 dá 38 ballstát, rátaí cánach ioncaim go huathoibríoch (automatically) ag teacht le boilsciú, agus níor athraigh an chuid eile, Éire san áireamh.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO An bhfuil an teach
fully insured’ tar éis ardú ar chostais tógála?

Tugadh faoi deara sa tuarascáil go bhfuil teaghlaigh ar ioncam íseal le leanaí is leochailí (most vulnerable) i leith arduithe ar a rátaí cánach éifeachtacha nuair nach bhfuil na córais chánach athraithe go hiomlán le haghaidh boilscithe.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram