Tá sé beartaithe ag an Aire Airgeadais Michael McGrath go mbeidh formhór na bhfostaithe sásta leis an gcáin is fuath leo a ghearradh – an USC.
Tugadh an USC (Universal Social Charge, Muirear Sóisialta Uilíoch) isteach mar ‘bheart sealadach’ le linn na géarchéime airgeadais ach tá sé fós ann.
Tá €1.15billiún ar fáil ag an Rialtas le haghaidh ciorruithe (cuts) cánach agus creidtear anois go bhfuil McGrath ag tabhairt tosaíochta do ‘ciorruithe suntasacha’ ar an USC.
Breathnaítear ar an USC mar ‘cháin Fhianna Fáil’, ó thug Aire Airgeadais an pháirtí Brian Lenihan, nach maireann, isteach é mar bheart déine in 2010.
Tá an teannas idir Fianna Fáil agus Fine Gael faoi iarrachtaí FG smacht a fháil ar an gclár cánach trí fheachtas an Taoisigh Leo Varadkar ar son ráta cánach 30%.
Tháinig dlús leis tar éis alt a rinne triúr Airí Stáit de chuid Fhine Gael ag éileamh go ndéanfaí ciorruithe suntasacha cánach de €1,000 sa bhliain do dhaoine atá ar mheán-ioncam (middle income).
Dúirt foinse amháin de chuid Fhianna Fáil: ‘Is tionscnamh McGrath go mór é seo. Tá sé dírithe ar sheanvóta lucht oibre Fhianna Fáil – an áit as a dtagann sé féin.
‘Seo iarracht freisin de McGrath an cheannaireacht a bhaint amach. Thug Fianna Fáil agus Brian Lenihan isteach an USC. D’fhéadfadh McGrath a bheith ar an fear chun deireadh a chur leis. Is ceist oidhreachta í.
SCÉAL EILE:
Ar siúl anois – Cúla4, an cainéal Gaeilge do pháistí
CLIC ANSEO
‘Is é an stíl atá ag McGrath ná nach mbeidh sé drámatúil. Níl sé chun deireadh a chur leis an cáin ach tá sé chun é a laghdú.’
Dúirt duine sinsearach amháin ó FG: ‘Tá McGrath ag robáil ár gcuid éadaí. Bhí muid chun deireadh a chur leis an USC. Is cuimhin liom Michael Noonan, Leo Varadkar agus Paschal Donohoe, iad go léir ag miongháire lena ‘deireadh a chur le cáin USC Fhianna Fáil’.
Tháinig moltaí chun deireadh a chur leis an USC níos luaithe i mbliana ón Tax Strategy Group.
Rinne siad roinnt moltaí a chosnódh idir €13 milliún agus €1.25 billiún.
SCÉAL EILE:
Tá an Rialtas chun teorainneacha luais ar na bóithre a laghdú
CLIC ANSEO
Thug pobalbhreith le déanaí le fios go dtaitneodh deireadh leis an USC do vótálaithe.
Tá geallta ag an Rialtas cheana féin pacáiste €6.4 billiún a sheachadadh, lena n-áirítear méadú €5.25 billiún ar chaiteachas agus ciorruithe cánach de €1.15 billiún.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.