Phléasc roicéad Elon Musk ceithre nóiméad tar éis dó éirigh in airde i dTexas.

Phléasc an roicéad is cumhachtaí a tógadh riamh – ar le comhlacht Elon Musk é – tar éis dó éirigh in airde i dTexas.

Tharla an pléascadh in eitilt tástála a bhfuil súil ag a lucht déanta, SpaceX, a bheidh mar an chéad chéim ar thuras daonna go Mars.

Fuair Musk, bunaitheoir SpaceX, an ceadú an tseachtain seo caite ón Federal Aviation Administration sna Stáit Aontaithe chun an seoladh a chur ar aghaidh.

Tar éis iarracht lainseáil a cuireadh ar ceal níos luaithe an tseachtain seo, mar gheall ar cheist faoi bhrú (pressurisation), d’éirigh an roicéad Starship, atá 120 méadar ar fad, in aired ag 8.33am am áitiúil (2.33pm in Éirinn) ar Déardaoin.

Thaistil sé go tapa ach ansin thosaigh sé ag casadh agus phléasc Sé tar éis timpeall ceithre nóiméad.

Ba chosúil nach raibh an dá chuid den chóras roicéad – an ‘booster’ agus an ‘cruise vessel’ – in ann scaradh i gceart.

Dúirt SpaceX roimhe seo go raibh na seansanna ratha íseal agus gurbh é aidhm na heitilte tástála sonraí a bhailiú, fiú má theip ar an misean iomlán.

Bhí  fostaithe ag SpaceX fiú ag bualadh bos tar éis don roicéad pléascadh.

Murab ionann agus NASA, a dhéanann iarracht riosca a sheachaint, tá taifead ag SpaceX go bhfuil sé toilteanach eitiltí tástála a phléascadh

‘Amhail is nach raibh an tástáil eitilte spreagúil go leor, d’fhulaing Starship ‘díthionól tapa neamhsceidealta’  roimh scaradh stáitse,’ a dúirt SpaceX i ráiteas ar Twitter. An rud a bhí i gceist le “díthionól tapa neamhsceidealta”, ná pléasc.

Tá an ‘cruise vessel’ Starship deartha chun suas le 100 spásaire (astronauts) a iompar ar deireadh, agus tá sé beagnach chomh fada le trí scairdeitleán (jets) phaisinéirí.

Murab ionann agus NASA, a dhéanann iarracht riosca a sheachaint, tá taifead ag SpaceX go bhfuil sé toilteanach eitiltí tástála a phléascadh, le Musk ag rá go mbaineann an fiontar príobháideach leas as tuiscint a fháil ar cad a théann mícheart.

Thóg SpaceX a spásphort féin, darb ainm Starbase, sa Gulf of Mexico in Boca Chica, Texas, chun a roicéid a láinseáil. Agus tá go leor Starships eile á dhéanamh  cheana féin le haghaidh tástálacha amach anseo.

Dúirt Musk gur fhorbair sé Starship, ionas go bhféadfadh daoine a bheith ina speiceas idirphlandúil (interplanetary species) ar deireadh thiar.

Chun seo a dhéanamh, tá sé ar intinn aige tús a chur le coilíniú Mars, rud a dúirt sé a bhí ag teastáil chun an chine daonna a chaomhnú ar eagla go scriosfadh imeacht a scriosann pláinéad, ar nós cogadh núicléach nó stailc astaróideach, an saol ar an Domhan.

Maíonn SpaceX go mbeidh Starship in ann mórán daoine a iompar ar eitiltí fadtréimhseacha idirphláinéid.

Tá turas maoinithe go príobháideach aige cheana féin do 11 duine at taistil ar fud na gealaí, sceidealta don bhliain seo, cé go ndealraíonn sé nach bhfuil an t-am sin réalaíoch anois.

Tá pleananna níos fadtéarmaí fógartha ag an gcomhlacht chun an spásárthach a úsáid freisin mar shuttle le haghaidh taistil tráchtála ar an Domhan, ag gealladh turais ó Londain go Tóiceo laistigh d’uair an chloig.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram