Troid don Teach Bán! Anti-vaxxer Kennedy ag dul in aghaidh Biden

Tá Joe Biden chun a rá go luadh go bhfuil sé ag iarraidh seal sa Teach Bán, de réir na tuairiscí  – ach beidh ball de muintir Kennedy in a aghaidh.

Tá sé fógartha go foirmiúil ag Robert F Kennedy Jnr – atá ina dhlíodóir comhshaoil ach ina abhcóide frith-vacsaín (anti-vaccine advocate) freisin – go bhfuil sé le reáchtáil don Teach Bán, de réir tuarascála ó Martin Wall san Irish Times.

Cuirfidh sé seo beirt iarrthóirí láidre Éireannacha in aghaidh a chéile.

Agus tá dlúthnaisc (close links) acu le chéile. Bhí nia (nephew) Kennedy, Joseph Kennedy III, in Éirinn leis an Uachtarán Biden an tseachtain seo caite agus is é toscaire eacnamaíochta (economic envoy) nua an Uachtaráin sa Tuaisceart é.

Robert Kennedyjr
Nuair a cheistigh Robert Kennedy an vacsaín Covid, áfach, cháin roinnt ball den teaghlach é. In 2019 dúirt triúr ball den teaghlach mór le rá, in alt, cé gur sheas siad taobh thiar dá chuid oibre ar an gcomhshaol (environment), ‘tá sé mícheart maidir le vacsaíní’

D’iarr Kennedy freisin comhrá náisiúnta sna Stáit Aontaithe faoin gcogadh san Úcráin.

Léiríonn pobalbhreith go bhfuil tacaíocht láidir ag Kennedy, atá ina mhac leis an Robert Kennedy cáiliúil a feallmharaíodh (assassinated).

I bpobalbhreith USA Today/ Suffolk University, ar Dé Céadaoin, dúirt 14% díobh siúd a vótáil do Biden in 2020 go dtabharfaidís tacaíocht do Kennedy; ach dúirt 67% acu go dtacódh siad le Biden.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO: ‘Ní bheidh maithiúnas agat go deo’, a deir deirfiúr Gharda Horkan dá dhúnmharfóir

Iarrthóir eile ar an ainmniúchán Daonlathach ná Marianne Williamson, údar féin-chabhrach (self-help).

Níl sé ráite ag Biden go seasfaidh sé arís ach le linn a chuairte ar Éirinn thug sé leideanna láidre go mbeidh sé.

Joe Biden in crowd Belfast 21
Biden in Éirinn: I bpobalbhreith USA Today/ Suffolk University, ar Dé Céadaoin, dúirt 14% díobh siúd a vótáil do Biden in 2020 go dtabharfaidís tacaíocht do Kennedy; ach dúirt 67% acu go dtacódh siad le Biden

Ar ndóigh, tagann Kennedy ón gclann cháiliúil Éireannach-Mheiriceánach. Ba é a athair Robert Kennedy, iar-Ard-Aighne agus iarrthóir uachtaránachta a feallmharaíodh i 1968. Bhí a uncail Uachtarán John F Kennedy.

Nuair a cheistigh sé an vacsaín Covid, áfach, cháin roinnt ball den teaghlach é. In 2019 dúirt triúr ball den teaghlach mór le rá, in alt, cé gur sheas siad taobh thiar dá chuid oibre ar an gcomhshaol (environment), ‘tá sé mícheart maidir le vacsaíní’.

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO: ‘Guí dhearfach do chách ag Dearbhla Mescal agus í abhaile ón ospidéal le hailse

Dúirt a dheirfiúr Kerry Kennedy níos luaithe an mhí seo: ‘Is breá liom mo dheartháir Bobby ach ní roinnim ná ní thacaíonn mé lena thuairimí ar go leor saincheisteanna, lena n-áirítear paindéim Covid, vacsaíní agus ról na n-ardán meán sóisialta i bpóilíniú faisnéise bréagach.

Tá Kerry ina huachtarán ar an eagraíocht neamhbhrabúis Robert F Kennedy Human Rights  agus dúirt sí freisin: ‘Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara freisin nach léirítear tuairimí Bobby i misean ná in obair ár n-eagraíochta ná nach mbíonn tionchar acu air.’

LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO: ‘Tuarastail €70,000 ar fáil do múinteoirí thart lear

Dúirt Robert Kennedy Jnr Dé Céadaoin go mbeadh sé ina iarrthóir. Dúirt sé gurb é a mhisean ná deireadh a chur leis an ‘corrupt merger of state and corporate power that is threatening now to impose a new kind of corporate feudalism on our country’.

Dúirt sé go seasfadh sé in aghaidh iarracht ‘ár bpáistí agus ár ndaoine a nimhiú le ceimiceáin agus drugaí cógaisíochta’ agus gur cheart deireadh le daoine ‘a choinneáil i riocht cogaidh leanúnach’.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram