Tá ár sonraí pearsanta – agus fiú ár seoltaí – á ndíol ar líne ar €25

Tá sonraí pearsanta mhuintir na hÉireann – agus fiú seoltaí – á goid agus á ndíol ar líne ar €25, dar tuairisc san Irish Daily Mail.

Tá sonraí logáil isteach bainc, pasfhocail, uimhreacha PSP agus seoltaí á bpacáistiú le chéile agus á ndíol ar an ngréasán dorcha (dark web).

Is féidir leis an bpacáiste, ar a dtugtar ‘fullz’, fíorainm duine, seoladh, foirm aitheantais, uimhir chárta creidmheasa (credit card), cóipeanna de phas (passport) agus ceadúnas tiomána (driving licence), a bheith sa phacáiste.

Niamh Davenport
Dúirt Niamh Davenport: ‘Tá soláthar (availability) na sonraí ar an ngréasán dorcha i ndáiríre “brazen”. Tá gach sórt feicthe againn ach níl a fhios ag daoine i ndáiríre cé dó a dtugann siad an t-airgead sin dó.’

Dúirt Niamh Davenport, ó Chónaidhm Baincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann (Banking and Payments Federation of Ireland, BPFI): ‘Is féidir leat sonraí cárta creidmheasa a cheannach ann ar rud éigin cosúil le €10.’

Dúirt sí: ‘Tá soláthar (availability) na sonraí ar an ngréasán dorcha i ndáiríre “brazen”. Tá gach sórt feicthe againn ach níl a fhios ag daoine i ndáiríre cé dó a dtugann siad an t-airgead sin dó.’

Dúirt Ms Davenport freisin gur fadhb mhór í an úsáid a bhaintear as iompróirí airgid (money mules) – daoine a ligeann dá gcuntais bhainc a úsáid chun airgead mídhleathach a aistriú.

Dúirt sí: ‘Ní fheiceann daoine óga go háirithe an fhadhb atá leis.

‘Ceapann siad go bhfuil sé cúpla bob ina phóca. Ach is féidir leo a bheith ag cabhrú le mangairí drugaí nó fiú gáinneálaithe ar dhaoine (human traffickers).’

cyber Dark Web 5
Tá sonraí logáil isteach bainc, pasfhocail, uimhreacha PSP agus seoltaí á bpacáistiú le chéile agus á ndíol ar an ngréasán dorcha (dark web)

Dúirt foinsí leis an Irish Daily Mail go bhfuil Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Choireacht Eacnamaíoch (Garda National Economic Crime Bureau, GNECB) ag fiosrú na iompróirí airgid seo.

Mar sin féin, fadhb amháin is ea go bhfuil go leor daoine a bhfuil a sonraí pearsanta ar díol ar líne, nach bhfuil a fhios acu fiú.

Is é an fáth go bhfuil na gadaithe ar line ag díol ár sonraí pearsanta agus nach bhfuil siad á n-úsáid iad féin toisc nach bhfuil an chuid is mó de na daoine atá ag postáil sonraí cárta creidmheasa ar líne ag glacadh sonraí duine amháin agus á gcur ar líne.

Tá sonraí pearsanta na gcéadta nó b’fhéidir na mílte duine á ndíol acu. Chomh maith le sin úsáidean siad “cryptocurrency” atá deacair a rianú.

Le seachtainí beaga anuas, postáladh líon mór faisnéise tar éis sárú sonraí in Ollscoil Theicniúil na Mumhan (Munster Technical University). Creidtear gur lig an sárú do na calaoiseoirí (fraudsters) rochtain a fháil ar shonraí airgeadais agus taifid leighis.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram