Lámhaigh fear geal, 85, déagóir gorm … a ghlaoigh ar a theach trí thimpiste

Bhí fear geal, atá 86 bliain d’aois, saor gan cúiseamh sna Stáit Aontaithe, tar éis dó déagóir gorm a lámhach ag a theach.

Ghlaoigh an déagóir Ralph Paul Yarl, 16, ar teach Andrew Lester, 85, trí thimpiste. Bhí sé ag iarraidh a chúpla deartháireacha (twin brothers) a phiocadh suas as teach carad in aice láimhe.

Tharla an lámhach thar an deireadh seachtaine ach d’ardaigh fearg faoin déagóir nuair a tugadh le fios gur scaoileadh Lester gan chúiseamh tar éis 24 uair faoi choimeád.

shooting lester 001dec9f 800
Andrew Lester

Ar Dé Luain, d’fhógair stát Missouri cúisimh feileonachta i gcoinne Lester.

Tá Yarl, 16, i riocht criticiúil tar éis dó a bheith lámhaigh faoi dhó, uair amháin sa chloigeann.

D’fhógair ionchúisitheoir Clay County Zachary Thompson ar Dé Luain go bhfuil Lester cúisithe as ionsaí sa chéad chéim ar an déagóir agus gníomh coiriúil armtha. Socraíodh a bhannaí (bail) ag $200,000.

Dúirt aintín an déagóir, Faith Spoonmoore, ar fheachtas GoFundMe, go bhfuil a nia ina mhac léinn cumasach a raibh aisling aige staidéar a dhéanamh ar innealtóireacht cheimiceach.

Tarlaíonn lámhach marfach go rialta sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil thart ar 330 milliún duine agus tuairim is 400 milliún gunnaí.

shooting230417 ralph yarl jm 1337 d143b0
Ralph Paul Yarl

Ach spreag cás Yarl fearg tar éis stair fhada sna Stáit Aontaithe maidir le heaspa cuntasachta as foréigean i gcoinne Meiriceánaigh Afracacha.

Labhair an tUachtarán Joe Biden ar an nguthán le Yarl ‘agus roinn sé a dhóchas le haghaidh téarnamh tapa’.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Póilíní Kansas City Stacey Graves nach léiríonn an fhaisnéis ‘go bhfuil sé spreagtha ó thaobh ciníochais, ach gur imscrúdú gníomhach é sin fós’.

Dúirt sé: ‘Ach mar cheannaire póilíní, aithním comhpháirteanna ciníocha an cháis seo. Aithním agus tuigim imní an phobail.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram