Craft Bafta ag scríbhneoir Derry Girls Lisa McGee

Bhuaigh cruthaitheoir Derry Girls Lisa McGee an gradam don scríbhneoir grinn (comedy writer) is fearr don seó , ag Gradaim Bafta Television Craft Awards.

Tá go leor duaiseanna buaite ag McGee, an scríbhneoir ó Dhoire, atá 42 bliain d’aois, don tsraith, a leanann grúpa déagóirí ag fás aníos le linn na dTrioblóidí sa Tuaisceart.

Craoladh an tríú séasúr agus an séasúr deiridh den seó anuraidh.

Bhuaigh an tsraith ‘prequel’ de Game Of Thrones, House Of The Dragon agus drama dorcha de chuid an BBC, This Is Going To Hurt, trí dhuais an ceann ag an searmanas bliantúil.

Lisa Mcgee
Lisa McGee

Ceiliúrann Bafta Television Craft Awards an tallainne taobh thiar de na seóanna.

Ba é an láithreoir teilifíse Mel Giedroyc a d’óstáil é.

Ba é House Of The Dragon, an dráma fantaisíochta de chuid HBO, atá bunaithe ar an leabhar Fire And Blood, leis an údair George RR Martin, agus atá suite 200 bliain roimh imeachtaí Game Of Thrones, a a bhuaigh an-chuid gradaim.

.

Is réaltaí iad Matt Smith, Emma D’Arcy agus Paddy Considine sna sraithe a bhuaigh duaiseanna le haghaidh smidiú agus dearadh gruaige; fuaim (ficsean); agus éifeachtaí speisialta, amhairc agus grafacha.

Bhuaigh an sraith leighis, This Is Going To Hurt, atá bunaithe ar an leabhar den ainm céanna le Adam Kay, trí ghradam freisin.

Bhuaigh sraith an BBC, le Ben Whishaw agus Ambika Mod, sa chatagóir réitigh scripte agus eagarthóireachta, agus fuair Kay an gradam don scríbhneoir is fearr (dráma).

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram