Luaigh Joe Biden seanfhocal Gaeilge nuair a tháinig sé go hÁras an Uachtaráin, agus léirigh sé arís cé chomh sásta agus a bhí sé a bheith in Éirinn.
Shroich sé an Áras go gairid tar éis meán lae Déardaoin dá chruinniú stairiúil leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn.
NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Awkward moment: Nuair a labhair Joe
Biden faoi na ‘Black and Tans’
Agus é ag síniú leabhar cuairteoirí an Áras, dúirt an tUasal Biden gur ‘áit deas a bhí ann – díreach cosúil leis an Teach Bán’.
Ansin luaigh sé an seanfhocal Gaeilge:
‘An áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfas do chosa thú.’
D’iarr Uachtarán Biden ar Éirinn agus ar Mheiriceá muid féin a bhrú arís do shíocháin, do chothromas agus do dhínit.
‘Níl mé ag dul abhaile. Tá mé ag fanacht anseo,’ a dúirt sé freisin.
Bhí na sluaite bailithe cheana féin i bPáirc an Fhionnuisce (Phoenix Park) agus thug siad fáilte mór den Uachtarán Biden agus é ag gabháil thart.
NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Inseoidh scannán Sheridan scéal faoi throid
na ‘Native Americans’ le bheith ina ‘dhaoine’
Rolladh amach cairpéad dearg don Uachtarán Biden, a bhí ag caitheamh péire mór de na spéaclaí gréine eitlíochta (aviator sunglasses) is fearr leis. Bhí aoibh gháire ollmhór air freisin, nuair a tháinig sé isteach.
Tar éis dó bualadh leis an Uasal Ó hUigínn agus a bhean Sabina, tugadh an tUachtarán Biden go dtí an seomra suite chun bualadh leis an Tánaiste Micheal Martin agus an chéad rúnaí baineann in Éirinn don Uachtarán, Orla O’Hanrahan.
Bhronn an tUachtarán Ó hUigínn taifead vinil de Patrick Kavanagh don Uasal Biden mar nod do ghrá filíochta an Uachtaráin.
NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Bagairt dul ar stailc ó mhúinteoirí mar
gheall ar scrúduithe a mharcáil
Ba í an chuairt seo an tríú turas ag an Uasail Biden go hÁras an Uachtaráin.
Bhí an chéad cheann aige in 2008 nuair a chuir sé crann darach agus buail Clog na Síochána (Peace Bell) mar chuid de chomóradh 10 mbliana Chomhaontú Aoine an Chéasta (Good Friday Agreement).
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.