Tá fadhb Playboy ag rialtas Emmanuel Macron anois, agus é ag tabhairt aghaidh ar chonspóid eile.
Tá duine dá airí tábhachtacha tar éis a bheith le feiceáil ar an gclúdach is déanaí do Playboy Magazine.
Tá an t-agallamh, 12 leathanach, leis an bpolaiteoir Marlene Schiappa ina chúis conspóideach, fiú laistigh dá páirtí féin, mar go bhfuil sí cáinte as a bheith i láthair i bhfoilseachán atá ‘raunchy’.
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Bagairt ChatGPT don Ardteist á
fhiosrú ag ceannairí scrúduithe
Tagann eachtra Ms Schiappa ag am deacair do Macron, freisin, le daoine ag gearán faoi costais earraí agus athchóiriú pinsean.
De réir Jean-Christophe Florentin, eagarthóir Playboy France, tá Schiappa, atá 40 bliain d'aois, agus ina rúnaí stáit don gheilleagar sóisialta agus cumainn, mar an duine 'is comhoiriúnach' do Playboy d'airí uile na Fraince.
San iris, labhraíonn an polaiteoir go príomha ar fheimineachas (feminism) agus foréigean in aghaidh na mban, chomh maith leis an saol sa pholaitíocht agus bagairt leanúnach an téimh dhomhanda (global warming).
In ainneoin go mbíonn mainicíní (models) gan mórán orthu ar chlúdaigh Playboy go rialta, tá Schiappa go hiomlán clúdaithe le éadaí ar an gclúdach, ina ionad sin agus í fillte faoi bhratach na Fraince.
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
An Sheriff á chur isteach ag na
Revenue Commissioners chun
debt beag a bhailiú
Roinn an foilseachán Le Parisien, a bhris an scéal go raibh sí le feiceáil ar Playboy, an íomhá a thaispeánann an polaiteoir gléasta i ngúna aonghualainn faoin gceannlíne; ‘Aire saortha’.
Ag labhairt dó faoin bpictiúr conspóideach, dúirt comhghleacaí páirtí Ms Schiappa, Ludovic Mendes; ‘Shíl mé gurbh é Lá an Amadáin Aibreán a bhí ann roimh ré.’
NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Comlachtaí móra ag ceannach
tithe atá gnáth teaghlaigh ag iarraidh
‘Tuigim an troid feimineach, ach ní fheicim cén fáth go ndéanfaimis é in Playboy. Tá bealaí eile chun é a dhéanamh,' a dúirt sé.
NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: So! Níl Gaeilge agat? Well, léigh é seo agus freagair an cheist ag an deireadh
Tá na scéalta is fearr sa Nuacht, Siamsaíocht agus Spórt ar fáil gach lá ar www.extrag.ie, suíomh idirlín Gaeilge; agus tá siad ar fáil le Gaeilge shimplí.
Tá www.extrag.ie ar fáil do na daoine a bhfuil ‘Gaeilge na scoile (school Irish)’ acu, agus do na daoine atá líofa le Gaeilge
Tá sé mar aidhm ag www.extrag.ie úsáid na Gaeilge a spreagadh le haghaidh daoine nach labhraíonn Gaeilge gach lá.
Mar sin tá roinnt focal Béarla idir lúibíní (in brackets) sa téacs agus i gceannlínte (headlines).
Creidimid go gcabhróidh sé seo le daoine atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt, ach nach dtuigeann gach focal – an chuid is mó againn, ní mór dúinn a admháil (admit).
Má léann muid píosa gearr Gaeilge ar www.extrag.ie gach lá, beidh na frásaí Gaeilge a d’fhoghlaim muid ar scoil ag teacht ar ais chugainn.
Agus seo an cheist: Ar thuig tú an píosa seo?
Tá 180 focal ann.
Maith thú.
Anois, lean ar aghaidh. Bain triail as, agus scaip an focal!
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.