Cannabas ar díol agus taisteal níos saoire, a deir Bacik

Ba cheart go gceadófaí cannabas a dhíol ar bhonn ceadúnaithe ag áiteanna áirithe, a dúirt ceannaire an Lucht Oibre Ivana Bacik. Mhol sí é mar chuid de chur chuige réasúnach i leith drugaí.

Ina hóráid do bhaill Pháirtí an Lucht Oibre ag a gcomhdháil i gCorcaigh aréir, dúirt Iníon Bacik: ‘Tá uaillmhian ag an Lucht Oibre maidir le hathrú radacach i gcúram sláinte; agus caithfidh go n-áireofaí leis an athrú sin díchoiriúlú (decriminalisation) na húsáide drugaí toisc gur saincheist sláinte í an andúil (addiction), ní ceist ceartais choiriúil.’

ivana bacik1068x623
Ivana Bacik

Thug Ms Bacik a céad óráid mar cheannaire ag comhdháil a páirtí ó ghlac sí an post is airde anuraidh tar éis dó Alan Kelly éirí as mar cheannaire.

Maidir le gníomhaíocht aeráide, tá an Lucht Oibre ag éileamh go dtabharfaí isteach ticéad taistil €9 in aghaidh na míosa chun turais bus agus traenach gan teorainn a chur ar fáil in Éirinn.

Dúirt Ms Bacik nár chreid éinne go mbainfeadh an Rialtas a spriocanna aeráide féin amach maidir le hastuithe gáis cheaptha teasa a laghdú 51% faoi 2030.

Marie Sherlock 3
Marie Sherlock

Dúirt Ms Bacik gurbh é uaillmhian a páirtí milliún teach a thógáil i gceann 10 mbliana.

Agus dhiúltaigh feisirí Pháirtí an Lucht Oibre d’fhigiúirí a chuir Fine Gael ar fáil thar an deireadh seachtaine, a thaispeánann go bhfuil agóid nó imní déanta ag ionadaithe Pháirtí an Lucht Oibre i mBaile Átha Cliath in aghaidh iarratais phleanála a bhain le breis agus 10,800 teach.

Chuir Ms Bacik féin i gcoinne 894 teach, leis an Seanadóir Marie Sherlock ag cur in aghaidh pleananna chun 2,995 teach a thógáil ina dháilcheantar, a dúirt Fine Gael.

Aodhan O Riordain 1068x623 1
Aodhán Ó Ríordáin

Dúirt Aodhán Ó Ríordáin ó Pháirtí an Lucht Oibre, áfach, gur ‘tactic sraonadh (deflection tactic) ó Fhine Gael atá díreach tar éis vótáil deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú (evictions)’ a bhí i gceist le na figiúirí sin.

Tá Páirtí an Lucht Oibre le vóta easpa muiníne a bhrú ar an Rialtas an tseachtain seo, as a gcinneadh deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú níos déanaí an mhí seo.

Dúirt Ms Sherlock: ‘Tá siad [Fine Gael] ag déanamh amhlaidh as a dtithe an-chompordach féin, gan aon aird ar a bhfuil á mholadh ag roinnt forbróirí.

‘Sé sin tithe nach mbíonn solas an lae ag cuid di fiú agus achair urláir faoi bhun na rialachán de réir Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram