An bhfuil cosc ar TikTok ag teacht d’oibrithe Stáit?

23/03/2023

Tá an Rialtas faoi bhrú chun cosc a chur ar TikTok ó fhóin agus táibléad a úsáideann fostaithe Stáit mar gheall ar eagla spiaireachta.

Tá gníomhaireacht cibearshlándála na tíre i mbun athbhreithniú ar an suíomh meáin shóisialta faoi úinéireacht na Síne i measc imní slándála ó thíortha eile.

Tá cosc déanta cheana féin ag an Aontas Eorpach dá chuid oibrithe agus anois tá go leor tíortha eile a dhéanamh, an Bhreatain ina measc an tseachtain seo.

Simon Harris 2
Simon Harris ar TikTok

Níos luaithe an tseachtain seo chuaigh lucht riaracháin Uachtarán Joe Biden sna Stát Aontaithe níos faide; bhagair sé TikTok a chosc go hiomlán as Meiriceá mura ndéanann úinéirí Síneacha na cuideachta a ngeallta sa chuideachta a dífheistiú (divest).

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar, ag labhairt dó i Washington DC inné, go bhfuil an tIonad Náisiúnta Cibearshlándála (National Cyber Security Centre) i mbun ‘athbhreithniú’ ar an ardán.

Dúirt ceannaire Fhine Gael, áfach, nach bhfuil aon chomhairle faighte go fóill ar cheart d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí nó d’fhigiúirí Rialtais an aip a bhaint dá gcuid gléasanna.

‘D’iarramar comhairle ar an ionad náisiúnta cibearshlándála maidir le Tik-Tok,’ a dúirt an tUasal Varadkar.

‘Faoi mar atá cúrsaí, nílimid ag tabhairt comhairle d’aon duine san earnáil phoiblí ná sa Rialtas TikTok a bhaint den fhón oibre ach tá sé sin á athbhreithniú go fóill,’ a dúirt sé.

tik tok 1Girl Phone TikTok

Tá an tAire Dlí agus Cirt Eatramhach Simon Harris i measc úsáideoirí TikTok an Rialtais, áit a bhfuil beagnach 100,000 leantóir aige.

D’áitigh an t-ardán meáin shóisialta, ar leis an ngnólacht Síneach Bytedance é, go bhfuil na coisc bunaithe ar ‘mhíthuiscintí bunúsacha agus á dtiomáint ag “geopolitics” níos leithne’.

Léiríodh imní ar leith le déanaí faoin gcóras CCTV atá i bhfeidhm laistigh agus lasmuigh de Thithe an Oireachtais i mBaile Átha Cliath atá déanta ag comhlacht atá nasctha le Páirtí Cumannach na Síne.

D’áitigh an tUasal Varadkar gur ceist í sin d’údaráis an Oireachtais, ní don Rialtas. ‘Tá na ceamaraí sin i bhfeidhm le fada an lá thart ar Theach Laighean agus áiteanna eile agus níor cuireadh in iúl dom aon imní shubstainteach ina leith,’ a dúirt sé.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram