Deir breitheamh go bhfuil dhá chúis fhéideartha le ‘contempt’ leanúnach Enoch Burke

19/03/2023

Caithfidh an múinteoir Enoch Burke fíneáil nach mór €24,000 a íoc, taobh istigh de sheachtain, mar gheall ar a fhreastal leanúnach ar gheataí a iar-scoile in aghaidh ordú cúirte go bhfanfadh sé as sin.

Dúirt an Breitheamh Brian O’Moore gur tháinig sé ar an tuairim go raibh dhá chúis fhéideartha le díspeagadh (contempt) leanúnach an Uasail Burke.

‘Is é ceann amháin go bhfuil an fhíneáil ró-íseal. Is é an ceann eile nach gcreideann sé i ndáiríre go gcuirfear na fíneálacha i bhfeidhm go deo,’ a dúirt sé.

Enoch Burkecourtsuit 1
Enoch Burke

Ní bhaineann an €24,000 ach leis an tréimhse chomh fada leis an 1 Márta.

Dúirt an breitheamh go bhfuarthas an t-ordú chun fanacht amach ó scoil Ospidéal Wilson i gcontae na Mí – tar éis freagairt an mhúinteora d’iarratas an samhradh seo caite go ndearna sé tagairt do dhalta atá ag aistriú inscne leis an bhforainm ‘siad’ – a bheith dleathach agus bunreachtúil araon ag an Ard-Chúirt agus an Chúirt Achomhairc.

Thug an breitheamh le fios go bhféadfadh an chúirt cead a thabhairt don scoil sócmhainní Enoch Burke a leithlisiú i ndíol na fíneála.

enochWilsonsHospital COI 2
Scoil Ospidéal Wilson

Dúirt sé go ngníomhódh an Ard-Chúirt lena chinntiú go n-íocfaí an fhíneáil mura mbeadh sé glanta ag Enoch Burke é féin faoi cheann seachtaine.

Gearrtar fíneáil €700 in aghaidh an lae ar Burke as gach lá a bhfuil sé i ndíspeagadh cúirte as an ordú gan dul go dtí an scoil a shárú.

Tá an fhíneail á gearradh air i gcónaí agus tá a luach ag méadú – €700 sa ló – gach lá atá sé gan íoc, agus gach lá a sháraíonn sé an t-ordú cúirte.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram