‘Horribly offensive’: Cáineadh Saturday Night Live as magadh ar mhuintir na hÉireann roimh na Oscars

15/03/2023

á an seó grinn Meiriceánach Saturday Night Live cáinte as sraith scéalta grinn ‘uafásacha maslacha’ agus ‘stereitíopúla’ a rinne magadh ar Éireannaigh roimh shearmanas na nOscar.

Agus níos measa ná sin bhí na haisteoirí an-dona agus ní raibh siad greannmhar.

Go deimhin, bhí na freagraí ar Twitter i bhfad ní ba ghreannmhar. Scríobh duine acu:

‘Glaodh na 1980í orainn, agus tá siad ag iarraidh a gcuid scéalta grinn steiréitíopa Éireannach ar ais.’

Léirigh an seó grinn leisciúil, a bhí á óstáil ag aisteoir Scream 6 Jenna Ortega, ar oíche Shathairn, an bheirt aisteoirí Éireannacha, Colin Farrell agus Brendan Gleeson, a bhfuil duaiseanna buaite acu, mar bhuifíní nach raibh in ann cumarsáid a dhéanamh.

brendanBanshees of Inisherin 4 1168x681 1
Brendan Gleeson and Colin Farrell

Bhí sceitse trí nóiméad go leith ann faoi Ghradaim an Acadaimh áit a ndearna ssiad scigaithris ar áisteoirí the Banshees of Inisherin, Colin Farrell agus Brendan Gleeson.

Ach bhí uafás ar daoine sna mucht féachana faoin sceitse ina raibh aisteoirí ag glacadh páirt Colin agus Brendan agus ag rá focail amaideach.

Seanscéal frith-Ghaeilge faoin ól a bhí sa punchline agus ‘thet haven’t started drinking yet’.

Tá Farrell ag staonadh ón ól ar feadh beagnach 20 bliain anois, agus labhair sé go hoscailte faoi cheisteanna andúile san am a chuaigh thart.

Agus d’óstaigh Brendan Gleeson an seó ar ais i mí Dheireadh Fómhair agus tháinig Colin Farrell ar aghaidh mar aoi.

Cháin scríbhneoir Derry Girls Lisa McGee an píosa ar Twitter, agus í ag scríobh go searbhasach: ‘This is fine’ le emoji face palm.

Scríobh duine eile: ‘Is breá liom SNL go hiondúil ach ghlaoigh na 1980í orainn, agus tá siad ag iarraidh a gcuid scéalta grinn steiréitíopa Éireannach ar ais.’

Banshees of Inisherin 1 1

Dúirt duine eile: ‘Tá sé seo maslach go mór. An gceapfá go mbeadh sé ceart go leor náisiúntacht nó blas ar bith eile mar seo a laghdú agus a mhagadh? Ba chóir go mbeadh náire oraibh’.

D’fhiafraigh duine eile cén fáth go raibh sé inghlactha blas na hÉireann a scigaithris ach ní iad siúd do Everything, Everywhere, All At Once – a bhfuil canúintí Áiseach den chuid is mó acu.

‘Anois déan an fhoireann de Everything Everywhere All at Once!!! Ní sibh chunl? Ah feicim. Ní mór gur seineafóibe spriocdhírithe Éireannach amháin atá inghlactha.’

Ní hé seo an chéad uair a cuireadh steiréitíopáil diúltach ar mhuintir na hÉireann ar an seó seo.

In 2017, ghlac Saoirse Ronan, a bhí ina óstach, páirt sa sceitse ‘Aer Lingus’ anois, a léirigh cainiúintí dothuigthe na hÉireann, ceoil fidil agus scéalta grinn prátaí.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram