Tá an Tánaiste Micheál Martin tar éis cur i leith Shinn Féin as a bheith ‘mímhacánta’ as iarracht a dhéanamh an cosc ar dhíshealbhú, a thug an Rialtas isteach, a choinneáil go dtí Eanáir 2024.
Thug Sinn Féin rún Dála (motion) chun tosaigh ar Dé Máirt chun síneadh (extension) atá ag cur brú ar Theachtaí Dála an Rialtais mar gheall ar fadhbanna easpa dídine.
Chuir an páirtí an rún tar éis don Aire Tithíochta Darragh Ó Brien a rá gur ghlac sé leis go mbeidh méadú ar líon na ndaoine a mbeidh gan dídean tar éis don cost a bheith críochnaithe, ag deireadh na míosa seo.
Ag labhairt dó i Nua-Eabhrac, áit a bhfuil sé mar chuid de sceideal imeachtaí seachtain Fhéile Pádraig, dúirt an tUasal Martin: ‘Eanáir 2024, sin Nollaig 2023. Ná cuirimis mímhacántacht Shinn Féin san áireamh anseo. Seo laethanta i ndiaidh Lá Nollag, tá Sinn Féin ag rá gur cheart dúinn an cosc a ardú. Cé chomh inchreidte é sin?
‘An dóigh le Sinn Féin i ndáiríre go dtarlódh sé sin? Ar ndóigh ní tharlódh sé,’ a dúirt an tUasal Martin.
Ag labhairt di freisin i Nua-Eabhrac, chuir Ms McDonald an cás i leith an Rialtais gur theip orthu caitheamh leis an tithíocht mar ‘éigeandáil’ agus na mílte teaghlach ‘á caitheamh chun na mac tíre’ agus an cosc á bhaint.
‘Is é croílár na faidhbe seo ná go bhfuil Rialtas agat a deir ar thaobh amháin, go bhfuil géarchéim tithíocht againn ach nach bhfuil sásta dul i modh iomlán géarchéime éigeandála chun é seo a réiteach.
‘Má tá tú chun deireadh a chur le díshealbhú, ar a laghad, caithfidh tú a chinntiú go bhfuil dóthain agat i do áiteanna maireachtála éigeandála,’ a dúirt sí.
Dúirt an tUasal Martin: ‘Ba í an chomhairle don Rialtas, dá mbeadh fonn ort an cosc ar dhíshealbhú a choinneáil, gur cheart duit é a choinneáil ar feadh dhá bhliain.
‘Agus ansin bheadh gá le scéal an-suntasach maidir leis an cosaint atá leis sin i dtéarmaí aon agóidí dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann, ach níos tábhachtaí fós, cén dochar a dhéanfadh sé d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach (sustainability) an mhargaidh cíosa féin?
‘I bhfocail eile, an ndéanfadh sé sin aon duine a dhídhreasú (disincentivise) ó dhul isteach sa mhargadh cíosa nó go deimhin, sa deireadh thiar thall, an spreagfadh sé daoine an margadh a fhágáil. Ba é sin an cinneadh crua a bhí le déanamh againn,’ a dúirt sé.
Dúirt an Tánaiste nach raibh an Rialtas ‘ag iarraidh an scéal a dhéanamh níos measa’ tríd an cosc ar dhíshealbhú a shíneadh, rud a dúirt sé a d’fhágfadh go mbainfí níos mó áiteanna maireachtála amach as an margadh cíosa.
‘Sin é an bunréasúnaíocht. Sílim go bhfuil Sinn Féin ag imirt polaitíochta leis seo agus cé chomh ciniciúil is atá sé, tar éis an cháineadh a rinne mé an tseachtain seo caite nuair a luaigh mé go raibh sé i gceist acu an cosc a ardú i ndiaidh Lá Nollag, go bhfuil dáta Eanáir 2024 curtha isteach acu anois.
‘Ciallaíonn sé sin domsa, sin rud thar a bheith ciniciúil agus mímhacánta ag Sinn Féin agus léiríonn sé cé chomh mór agus atá siad ag imirt polaitíochta le ceist an-tromchúiseach,’ a dúirt sé.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.