Phléadáil Mary Lou le Leo an cosc ar evictions a choimeád

15/03/2023

D’iarr ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ar an Taoiseach Leo Varadkar athrú a dhéanamh ar chinneadh an Rialtais deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú (evictions).

I litir nua, dúirt Ms McDonald go raibh sé de fhreagracht ar an Taoiseach a chur in iúl do na mílte teaghlach a bheidh ag tabhairt aghaidh ar dhíshealbhú sna seachtainí amach romhainn cén áit ar féidir leo dul.

NÍOS MÓ FAOIN SCÉAL SEO CLIC ANSEO: Caillfidh na mílte a dtithe mar go bhfuil tiarnaí talún ag díol iad nuair a thagann deireadh leis an gcosc ar ‘evictions’

Sa litir, d’áitigh an ceannaire ar Varadkar an cosc ar dhíshealbhú a shíneadh agus freisin pacáiste de bhearta éigeandála a chur isteach chun teaghlaigh leochaileacha (vulnerable) a chosc ó bheith gan dídean.

mary lou mcdonald 1 1 768x448 1
Mary Lou McDonald

Dúirt an tUasal Varadkar nach ndéanfadh an Rialtas breithniú ar an gcosc ar dhíshealbhú a thabhairt isteach arís, fiú dá mbeadh méadú mór tobann ar an easpa dídine.

Tá an Rialtas ag cosaint a gcinneadh deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú ag deireadh na míosa, i measc cáineadh géar ó pháirtithe an Fhreasúra agus ó charthanais easpa dídine.

NÍOS MÓ FAOIN SCÉAL SEO CLIC ANSEO: ‘Bhí sé mhí agat!’ O’Brien cáinte ag airí eile mar níl cosaintí tionóntaí réidh agus deireadh teacht ar cosc ar ‘evictions’

Sa litir, dúirt Ms McDonald nach mór cinneadh an Rialtais ‘a chur ar ais’. Bhí sí ag dul de réir na bhfigiúirí a d’eisigh an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe (Residential Tenancies Board, RTB) an tseachtain seo caite.

‘Tá an clog ag ticeáil anois do na mílte teaghlach ar cuireadh tús lena bhfógraí díshealbhaithe ón uair a ardaíonn an Rialtas an cosc ar 1 Aibreán.

Leo Varadkar 2
Leo Varadkar

‘Tá na maoine atá ar fáil ar cíos ag an leibhéal is ísle riamh, tá ganntanas áit chónaithe inacmhainne (affordable accommodation) ann, agus tá a fhios againn go bhfuil an córas áit chónaithe éigeandála i go leor ceantar ag an uasacmhainneacht (maximum capacity),’ a scríobh Ms McDonald sa litir, agus dúirt sí freisin mach bhfuil mórán roghanna ag teaghlaigh.

NÍOS MÓ FAOIN SCÉAL SEO CLIC ANSEO: Le deireadh ag teacht ar cosc ar ‘evictions’, léiríodh don chéad uair gur tiarna talún é Leo Varadkar

Dúirt sí sa litir freisin go dtiocfadh ‘ardú ollmhór ar ghéarchéim tithíochta a bhí imithe ó smacht cheana féin’ as cinneadh an Rialtais.

micheal 5
Micheál Martin Pic: Sasko LazarovRollingNews.ie

Thug sí faoi deara gur fiafraíodh den Taoiseach chomh maith leis an Tánaiste, ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus ‘roinnt airí sinsearacha rialtais’ cá bhfuil na teaghlaigh le dul.

NÍOS MÓ FAOIN SCÉAL SEO CLIC ANSEO: ‘Apply now!: Tá roinnt tithe ar cíos íseal ar an margadh

‘Níor fhreagair duine acu an cheist. Sheach siad an cheist agus iad ag admháil go méadóidh an méid daoine gan dídean tar éis an cinneadh deireadh a chur leis an gcosc ar díshealbhú.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram