‘I’m flying the flag for Farrell’: Tacaíonn Paul Mescal le Colin d’Oscar a d’fhéadfadh ceachtar acu a fháil

12/03/2023

Tá sé ráite ag Paul Mescal nach bhfuil ach duine amháin a cheapann sé atá chun Oscar don Aisteoir Fireann is Fearr a bhuachan.

Dúirt an réalta as Mhá Nuad go bhfuil sé ‘ar foluain na brataí’ do Colin Farrell ainneoin go bhfuil sé sa chatagóir chéanna

Colin Farrell Paul Mescal 2 1168x681 1

Tá Farrell ainmnithe as a ról i Banshees of Inisherin, atá ainmnithe le haghaidh naoi nOscar san iomlán agus tá Mescal ainmnithe as a ról sa dráma, Aftersun.

Mar sin féin, tá an bheirt fhear taobh thiar de Brendan Fraser as a ról in The Whale agus Austin Butler a ainmníodh as an léiriú a rinne sé ar an Rí Rock ‘n’ Roll sa scannán Elvis.

NÍOS MÓ SIAMSAÍOCHT CLIC ANSEO: Suzanne Jackson chun Éire a fhágáil tar éis DWTS le ‘Dylan agus na doggies’

B’fhéidir go bhfuil a fhios ag Paul nach é féin an duine a deir na geallghlacadóir (bookies) atá chun an bua a fháil, ach ar aon nós chuir Paul in iúl go soiléir cé a mbeidh sé ag moladh.

Dúirt sé le John Fardy ó Screentime, go bhfuil sé bródúil as a bheith ar an stáitse céanna le Farrell.

Colin Farrell 1168x681 1

‘Tá mé ag foluain na brataí ar son Colin le bheith macánta,’ a dúirt sé.

‘Sílim go bhfuil a léiriú in Banshees ar cheann de na cinn is ansa liom le tamall maith, mar sin, le bheith ainmnithe i gcatagóir in éineacht leis ná … táim an-bhródúil as sin.’

Tá Paul ag cur a scannán nua ‘God’s Creatures’ chun cinn faoi láthair, atá le scaoileadh ag deireadh na míosa.

NÍOS MÓ SIAMSAÍOCHT CLIC ANSEO: Mamma Mia! Cé hé sin sa siopa áitiúil i nDún na nGall?

Ach tá an fear as Chill Dara ag baint sult as atmaisféar na Oscars i Los Angeles roimh shearmanas oíche Dé Domhnaigh.

Tháinig a chlan ag cóisir A Night for Young Hollywood le Vanity Fair.

Paul Mescal

Chuaigh a dheirfiúr Nell, a dheartháir Donnocha agus a thuismitheoirí Dearbhla agus Paul snr go Los Angeles Dé Céadaoin, agus iad ag tacú lena iarracht don ghradam don Aisteoir Fireann is Fearr.

Is díol suntais é go bhfuil 14 ainmniúchán ag Éirinn ar ghradaim na bliana seo, naoi gcinn ag dul go Banshees ceann eile ag Aftersun agus beidh gach duine dóchas ach faoi An Cailín Ciúin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram