Mharaigh iarbhainisteoir easpórtála, atá ina seascaidí, a bhean chéile a fuair bás tar éis ionsaí le claíomh Samurai ina dteach i mBaile Átha Cliath.
Gortaíodh máthair beirte Jean Eagers, a bhí 57 mbliana d’aois, san ionsaí ach fuair sí bás níos déanaí. D’admhaigh a fear céile William Eagers as í a dhúnmharú.
Bhí aighneas sa teach agus thóg ball den teaghlach foláireamh.
Nuair a tháinig an Gharda Síochána (Garda Armed Support Unit) bhí ‘standoff’ ann, agus bhí orthu dul isteach le fórsa.
Thángthas ar Jean Eagers ansin le gortuithe tromchúiseacha.
Phléadáil William Eagers ciontach Dé hAoine as a bhean chéile a dhúnmharú tar éis ionsaí claíomh Samurai ar an 21 Meitheamh in 2020.
Chuala an Phríomh-Chúirt Choiriúil gur tharla an t-ionsaí ina dteach ag Willow Wood Grove i gCluain Saileach (Clonsilla), tuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Bhí Eagers, 62, os comhair an Bhreithimh Paul McDermott agus níor labhair sé ach chun freagra a thabhairt agus a rá ‘Ciontach’, nuair a léadh an cúiseamh dó.
Bhí Eagers, iar-bhainisteoir oibríochtaí easpórtála agus tiománaí tacsaí páirtaimseartha, cúisithe i ndúnmharú agus as táirgeadh claíomh Samurai le linn díospóide.
Is é an phianbhreith éigeantach (mandatory) as dúnmharú ná pianbhreith shaoil (life sentence).
Shocraigh an Breitheamh McDermott an 24 Márta seo chugainn le haghaidh dáta pianbhreithe chun am a cheadú chun ráiteas tionchair íospartaigh (victim impact) a ullmhú.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.