SEACHTAIN NA GAEILGE: Tá DJs na todhchaí ag SPRAOI faoi láthair … agus ag cleachtadh a gcuid scileanna

Tá réaltaí óga raidió na todhchaí ag SPRAOI anois agus ag cleachtadh a gcuid scileanna le seó raidió a léiriú agus a chur i láthair.

Tá Raidió na Life ag reáchtáil SPRAOI, sé sin sraith de cheardlanna raidió do bhunscoileanna le linn Sheachtain na Gaeilge, ag múineadh scileanna craoltóireachta do ghlúin nua de réaltaí raidió na Gaeilge.

Tionscadal is ea SPRAOI Raidió na Life ina dtugtar deis do pháistí scoile an Ghaeilge a úsáid ar bhealach spraíúil agus oideachasúil agus iad ag foghlaim scileanna luachmhara craoltóireachta trí Ghaeilge.

Sharon Ni Bheolain RTE News 2
Sharon Ní Bheoláin: duine de na craoltóirí is aitheanta sa tír a fuair taithí chraolacháin ar Raidió na Life

Tugtar ardán freisin do pháistí a nguthanna féin a chloisteáil ar an raidió, cur lena gcuid scileanna cumarsáide agus a gcuid féinmhuiníne – agus an Ghaeilge a úsáid i mbealach taitneamhach agus spreagúil taobh amuigh den seomra ranga.

Tá na ceardlanna ar siúil an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn agus na scoileanna atá ag glacadh páirt ná Gaelscoil na Mí, Scoil Chaoimhín agus Scoil Chaitlín Maude. Beidh seacht nó ocht rang éagsúil ag glacadh páirt ó na scoileanna seo agus beidh na céadta páistí ag glacadh smacht ar an mic

Múinfear scileanna agallóireachta, láithreoireachta agus tuairisceoireachta raidió do pháistí bunscoile sna ceardlanna agus beidh deis acu cuairt a thabhairt ar stiúideonna úrscothacha Raidió na Life i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus féachaint ar chlár raidió ag tarlú beo ar an aer.

spraoi raidio6 m

Déanfaidh na páistí a gcuid míreanna raidió féin a thaifeadadh sna ceardlanna agus tá na ceardlanna saor in aisce.

Agus is é an áit le dul chun foghlaim faoi seo mar tá na mílte craoltóir tar éis taithí chraolacháin a fháil i Raidió na Life le tríocha bliain anuas.

Agus ina measc, roinnt de na craoltóirí is aitheanta sa tír, leithéidí Sharon Ní Bheoláin (RTÉ News), Sinéad Crowley (RTÉ News), Cormac Ó hEadhra (Drivetime, RTÉ Raidió 1), Aedín Gormley (RTÉ Lyric FM), Colm Ó Mongáin (RTÉ), Fachtna Ó Drisceoil (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Barbara Nic Dhonnachadha (Galway Bay FM), an Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus neart craoltóirí clúiteacha eile nach iad.

ailbheshootGOOD 2 1

NÍOS MÓ SIAMSAÍOCHT
CLIC ANSEO:
SEACHTAIN NA GAEILGE:
Lá Idirnáisiúnta na mBan
le guthanna ag
teacht treasna na dtonnta

Tá tionscadal SPRAOI Raidió na Life á reáchtáil le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann leis an táille ceadúnais teilifíse agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Mar aon e sin tá ceardlanna raidió á soláthar ag SPRAOI Raidió na Life do pháistí bunscoile ó 2015, agus acmhainní foghlama nuálacha ar líne á gcur ar fáil ag Raidió na Life do bhunscoileanna, idir Ghaelscoileanna agus scoileanna nach Gaelscoileanna iad, le tacaíocht ón BAI ó 2022.

NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig.

Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.

Beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.

Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táibléad agus ‘laptop’.

Bain triall as!

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram