SEACHTAIN NA GAEILGE: Lá Idirnáisiúnta na mBan le guthanna ag teacht treasna na dtonnta

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan ag teacht i gcroílár Seachtain na Gaeilge, tá tréaniarracht á déanamh ag Gaeilgeoirí a chinntiú go gcloistear glórtha na mban go hard agus go soiléir.

Mar sin tá Raidió na Life 106.4fm, stáisiún raidió Gaeilge do Bhaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird, ag cur sceidil le chéile do Lá Idirnáisiúnta na mBan.

Sé sin Dé Céadaoin, 8 Marta.

Is é an plean atá acu ná go mbeadh mná i gceannas ar Raidió na Life 106.4fm ar feadh an lae agus na hoíche.

Sé sin go mbeadh guth na mná le cloisteáil sa cheol agus sa chaint – agus ní amháin ar na tonnta.

ailbheshootGOOD 2 1
Ailbhe Ní Riain

Beidh mná i mbun léitheoireacht, láithreoireacht agus bainistíocht. Agus tá sé ar fad á eagrú ag Ailbhe Ní Riain.

Agus is é Raidió na Life 106.4fm an áit is fearr chun é a dhéanamh mar is é seo an stáisiún ina bhfuair leithéidí Sharon Ní Bheoláin, Sinéad Crowley, Dr Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus go leor eile a dtaithí chraolacháin.

Beidh mná ag úsáid a gcuid scileanna teicniúla le cuireadh a thabhairt do mhná eile i measc lucht éisteachta Raidió na Life 106.4fm a bheith páirteach sa chomhrá.

Mar sin tá cuireadh tugtha do mhná: má tá rud éigin le rá agat, nó fiú má tá fonn a thaitníonn leat, déan teagmháil le Raidió na Life 106.4fm.

Dance5Panti feat 1 768x448 1

NÍOS MÓ SIAMSAÍOCHT CLIC ANSEO:Ridiculous’: Dancing with the Stars lucht féachana ar buile le imeacht Panti Bliss

Tá an t-eolas go léir a theastaíonn chun dul i dteagmháil leis an stáisiún ar fail ar www.raidionalife.ie nó seol ríomhphost chuig beo@raidionalife.ie.

NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig.

Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.

Beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.

Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táibléad agus ‘laptop’.

Bain triall as!

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram