Bí réidh! Tiocfaidh sneachta trom an tseachtain seo

08/03/2023

Beidh sneachta trom ag teacht isteach sa tír sna laethanta amach romhainn an tseachtain seo, agus beidh an teocht ag titim go géar, a deir Met Éireann.

Tar éis seachtainí tuairimíochta ó shaineolaithe aimsire, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an aimsir reo ag teacht faoi dheireadh. Le sin beidh an bháisteach, an fhlichshneachta agus an sneachta ag dul i gcomhar leis an aer fuar.

Cé go bhfuil muid mí isteach i séasúr an earraigh, tá rabhadh sneachta tugtha ag Met Éireann don Déardaoin agus don Aoine in Aontroim, Ard Mhacha, An Dún, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire.

snow walking dog7

Beidh oíche Dé Máirt fuar le sioc, agus na coinníollacha geimhridh ag tosú ag bogadh isteach san iardheisceart. D’fhéadfadh teochtaí titim chomh híseal le -5C nó -6C i gCúige Uladh.

Cuirfear tús arís ar an gCéadaoin le fuacht agus sioc sa tuaisceart, agus beidh an leath theas den tíre scamallach ar feadh formhór an lae. Mar sin féin, feicfidh sneachta freisin i gceantair theas. Beidh an teocht is airde idir 3C agus 6C.

San oíche beidh báisteach, fhlichshneachta agus sneachta ar fud go leor den tír, agus beidh Cúige Uladh ag fáil seal tirim annamh. Beidh an teocht thar oíche i gCúige Uladh chomh híseal le -3C nó -4C.

Beidh Déardaoin fliuch le sneachta sa leath thuaidh den tír is dócha. Beidh an teocht i gCúige Uladh faoi bhun reophointe. Cé go mbeidh an deisceart níos séimhe (milder), is dócha go mbeidh báisteach throm ann. Beidh an teocht is airde idir 6C agus 10C.

Tráthnóna Déardaoin, fanfaidh an aimsir gheimhridh i dtuaisceart agus in oirthear na hÉireann. Beidh an teocht is ísle idir -2C agus +1C.

snowschoolkidsr 5

Ar an Aoine beidh flichshneachta agus sneachta ag bogadh isteach san iardheisceart ar maidin, sula mbogfar é chuig na ceantair theas eile, de réir mar a théann an lá ar aghaidh. Beidh flichshneachta agus sneachta ag teacht ar an tuaisceart arís. Beidh an teocht is airde idir 2C go 6C.

Lá fliuch a bheidh ann Dé Sathairn mar gheall ar an mbáisteach agus an sneachta ag casadh le báisteach um thráthnóna. I lá níos teo don náisiún, ardóidh an teocht go dtí céimeanna 12C nó 13C sa deisceart.

Ag breathnú ar aghaidh go dtí an Domhnach, tá Met Éireann ag tabhairt foláireamh go mbeidh sé ‘trína chéile le tréimhsí báistí agus ceathanna, trom uaireanta. Grianmhar uaireanta freisin’.

NÓTA ÓN EAGARTHÓIR: Tá Seachtain na Gaeilge fós ar siúl agus beidh sí go dtí Lá Fhéile Padraig.

Le sin beidh muidne in ExtraG.ie ag ceiliúradh le scéalta faoi na heachtraí atá ar siúl, le Gaeilge simplí do dhaoine atá líofa agus daoine le ‘school Irish’.

Beidh an nuacht is déanaí i nGaeilge simplí ar fáil gach lá ar ExtraG.ie, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge, ach amach anseo.

Tá sé ar fáil gach lá, gach áit ar fón, ríomhaire, táibléad agus ‘laptop’.

Bain triall as!

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram