‘Ní tusa an t-íospartach’: Gearradh ocht mbliana i bpríosún ar éigneoir trasinscneach as ionsaithe ar bheirt bhan

Gearradh ocht mbliana i bpríosún ar éigneoir trasinscneach mar gheall ar ionsaithe a rinne sí ar beirt bhan nuair a bhí sí fós ina bhfear.

Gearradh an phianbhreith san Ard-Chúirt i nDún Éideann (Edinburgh) ar Isla Bryson, as Clydebank, Albain, le trí bliana eile ar cheadúnas.

Léiríonn grianghraif Bryson – a d’athraigh inscne ag fanacht leis an triail  – ag caitheamh ‘hoodie’ agus i bhfolach taobh thiar de bob bándearg.

Ciontaíodh an duine,  atá 31 bliain d’aois, an mhí seo caite as beirt bhan a éigniú – duine amháin i Clydebank in 2016 agus an duine eile i Drumchapel, Glaschú, in 2019 – nuair a bhí áithe air mar fhear darbh ainm Adam Graham.

Le linn na pianbhreithe ar Dé Máirt, dúirt an Breitheamh an Tiarna Scott go leanann Bryson ag ‘séanadh go dian’; na cionta. Mhaígh Bryson freisin go raibh na híospartaigh ‘ag obair as lámha a chéile’ maidir le cúisimh.

Isla2
Isla Bryson

Tá Bryson, a tháinig os comhair cúirte ag caitheamh wig fhionn agus a bhí gléasta le luiteoga (leggings) dubha agus seaicéad bándearg fluaraiseacha, fós ag leanúint le hathshannadh inscne iomlán agus tá sí faoi láthair ar ‘an méid is mó molta d’oideas hormóin’.

Dúirt an dlíodóir cosanta Edward Targowski go bhfuil a chliant leochaileach mar gheall ar seo, mar aon le sin bhí ‘luathbhlianta trioblóideacha’ aici.

Dúirt sé leis an gcúirt nach raibh aistriú Bryson tar éis an dá éigniú ‘ina iar-smaoineamh a ceapadh go ciniciúil chun an pionós a laghdú’, contrártha leis an méid a dúradh mar ‘tráchtanna mí-eolais agus drochbhreithe’ a rinneadh lasmuigh den chúirt.

Dúirt an Tiarna Scott, áfach, go raibh tromchúis na gcoireanna ‘i bhfad níos tábhachtaí’ ná cúinsí maolaithe Bryson.

D’admhaigh sé go meastar Bryson a bheith ‘leochaileach ar bhealaí áirithe’ mar gheall ar eispéiris nuair a bhí Bryson óg. Ach dúirt an breitheamh: ‘Breathnaíonn tú ort féin mar an t-íospartach sa chás seo. Ach níl tú.

‘Ní haon leithscéal í do leochaileacht as an méid a rinne tú leis an mbeirt bhan seo.

‘Rinne tú beirt bhan a éigniú ar féidir an bheirt acu a mheas a bheith leochaileach.’

Dúirt ionchúisitheoirí gur bhuail Bryson leis na híospartaigh ar líne agus gur ‘chreach (preyed)’ ar mhná leochaileacha.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram