Tá ‘dementia’ ar Bruce Willis, agus labhróinn a theaghlach faoi i mbealach macántacht, briseadh croí

Tá néaltrú (dementia) ar Bruce Willis, agus tá a teaghlach ag labhairt go hoscailte faoi; agus faoi na deacrachtaí a bhaineann leis.

Labhair siad amach tar éis a dhochtúirí a rá lena chlann nach bhfuil aon cóireáil (treatment) ann a chabhróidh leis an réalta Dia Hard.

brucewillisfamily8
Class Willis

Chuir an teaghlach an scéal brónach seo ar fáil tar éis an eolas a tháinig amach, níos lú ná bliain ó shin, go raibh Bruce tar éis éirí as a bheith ag gníomhú mar aisteoir de bharr deacrachtaí cognaíocha (cognitive) a bhí ag fás i gcónaí.

D’éirigh an t-aisteoir, atá 67 bliain d’aois, as a bheith mar réalta Hollywood i mí an Mhárta seo caite, agus tá sé as radharc an phobail ó shin i leith.

‘Ó d’fhógair muid diagnóis Bruce ar afáise (aphasia) san earrach 2022, tá riocht Bruce tar éis éirigh níos measa, agus tá diagnóis níos sainiúla againn anois: néaltrú frontotemporal (Frontotemporal dementia, FTD),’ a dúirt ráiteas ó a chlann.

bruce demi 2

Is téarma ginearálta é an téárma ‘néaltrú frontotemporal’ le haghaidh neamhoird a théann i bhfeidhm ar réimsí na hinchinne a dhéileálann le pearsantacht, iompar agus teanga.

‘Ar an drochuair, níl sna dúshláin cumarsáide ach comhartha amháin den ghalar atá roimh Bruce,’ a dúirt an teaghlach i ráiteas faoina Dhaid.

Bhí siad an-oscailte faoi riocht a Dhaid agus an tionchar a bhí ag an riocht sin orthu mar theaghlach.

‘Cé go bhfuil sé seo pianmhar, is faoiseamh é diagnóis shoiléir a bheith againn ar deireadh,’ dúirt siad.

‘Inniu níl aon chóireáil don ghalar, rud a bhfuil súil againn a d’fhéadfadh athrú sna blianta amach romhainn.

‘De réir mar a théann riocht Bruce ar aghaidh, tá súil againn go mbeidh na meán cumarsáide sásta díriú isteach ar an ngalar seo, mar tá gá le i bhfad níos mó taighde faoi.’

Dúirt dochtúirí go n-éiríonn ‘lobes’ tosaigh na hinchinne níos lú in othar a bhfuil FTD orthu.

bruce demi 3
Bruce lena iníóní

Mar sin féin, ní fios cad is cúis leis seo. Is é an rud atá ar eolas acu ná go bhféadfadh athruithe pearsantachta a bheith mar thoradh air, rud a d’fhéadfadh a bheith an-phianmhar do bhaill teaghlaigh agus iad ag déileáil leis.

D’fhéadfadh athruithe iompar a bheith mar thoradh ar seo, freisin, agus d’fhéadfadh go mbeadh duine ag gníomhú i mbealach nach raibh siad ag gníomhú roimhe sin, agus fiú a bheith ag gníomhú go corrach (awkwardly) thart ar dhaoine eile, cé nach ndearna siad é sin riamh cheana.

Is féidir le daoine éirí tallannach (impulsive) nó ag cuir in iúl nach bhfuil aon aird acu ar na daoine thar timpeall orthu, fiú baill teaghlaigh.

Cailleann daoine eile a gcumas teanga a úsáid.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram