An gríosóir Briotanach Tommy Robinson tagtha go Baile Átha Cliath ‘chun jab a dhéanamh’

Tá an gríosóir Briotanach Tommy Robinson tagtha go Baile Átha Cliath agus tá sé ráite aige go bhfuil sé anseo chun jab a dhéanamh.

tommyRobinson supporters15
Lucht tacaíochta Tommy Robinson taobh amuigh den chúirt i Londain nuair a ciontaíodh é

Maíonn Robinson gur tarraingíodh go hÉirinn é le déanaí ag sraith agóidí frith-inimirceach atá ag scaipeadh fuadh, rud a mhol sé; agus mhol sé chomh maith na gríosóirí Éireannacha i bhfad ar dheis atá ag cabhrú lena n-eagrú.

Mar sin féin cháin roinnt gníomhaithe ó dheas Robinson, áfach, mar gheall ar a thacaíocht do dhílseoirí an Tuaiscirt agus do shaighdiúirí na Breataine a mharaigh Éireannaigh neamhchiontacha ar Dhomhnach na Fola.

Tá a fhios ag Gardaí go bhfuil sé anseo agus déanfaidh siad monatóireacht ‘go discréideach’ ar a láithreacht anseo, a dúirt foinse. Ach tá imní orthu go gcuirfidh a ghníomhaíochtaí isteach ar cheist na hinimirce a thuilleadh, lena n-áirítear tuilleadh foréigin a spreagadh.

tommyrobinson2
Tommy Robinson

Stephen Yaxley Lennon an t-ainm ceart ar Robinson. Is coirpeach ciontaithe é agus tá sé ar cheann de na agóidí is suntasaí dóibh siúd  i bhfad ar dheis sa Bhreatain. Áirítear lena chiontuithe coiriúla, ionsaí a dhéanamh ar oifigeach póilíneachta nach raibh ar dualgas ag an am, stalcaireacht (stalking), calaois agus seilbh ar dhrugaí . Tá go leor pianbhreitheanna príosúin curtha isteach aige.

Tuigtear go raibh sé i dteagmháil rialta le gníomhaithe frith-inimirceach Éireannacha le seachtainí beaga anuas, rud a d’fhág gur chinn sé taisteal go Baile Átha Cliath.

tommyrobinsonsupporters3
Lucht tacaíochta Tommy Robinson

Tharla roinnt eachtraí foréigneacha a bhaineann le agóidí frith-inimirce le seachtainí beaga anuas, lena n-áirítear coirloscadh (arson) foirgnimh i mBaile Átha Cliath a creideadh go bréagach a bheith curtha in áirithe d’iarrthóirí tearmainn agus ionsaí ar champa a d’úsáid inimircigh i mBaile an Ásaigh (Ashtown), Baile Átha Cliath.

Tá nasc idir grúpaí Éireannacha in aghaidh inimirce agus gníomhaithe ón mBreatain i gcéin lena n-áirítear an grúpa náisiúnach bán Patriotic Alternative.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram