Bain triail as an Beaujolais! Is ‘comhairleoir fíona’ mé, a deir Mick Wallace anois

Tá sé ráite anois ag Mick Wallace le Parlaimint na hEorpa go dtuilleann sé airgead mar ‘chomhairleoir fíona’.

B’éigean don MEP an ráiteas a thabhairt mar go gcaithfidh gach ball den pharlaimint a rá leis an parlaimint a méid ioncam a fhaigheann siad seachas a bpá mar bhaill parlaiminte.

Chonacthas an tUasal Wallace ar TikTok le déanaí ag rá go raibh trí bharra fíona aige i mBaile Átha Cliath, ach níor dhearbhaigh sé sin don pharlaimint riamh.

wine 2 768x448 1
Mura bhfuil tú cinnte cén fíon a gheobhaidh tú Iarr ar Mick

Bhí roinnt barraí fíona ag an MEP as Loch Garman roimhe seo ach rinneadh féimheach de in 2016.

Anois tá sé dearbhaithe ag Wallace, atá 67 bliain d’aois, go bhfuil sé ag fáil suas le €499 sa mhí mar ‘chomhairleoir’ leis an comhlacht barraí fíona agus bialanna, Wallace Calcio Teo.

Mar sin tá athbhreithniú déanta ag Wallace ar an eolas atá ag an pharlaimint faoi.

Tá airgead sin sa bhreis ar a thuarastal mar MEP. De réir suíomh gréasáin Parlaimint na hEorpa, is ea tuarastal míosúil de chuid an

MEP €9,808.67.

Bhí Wallace le ceistiú ag a ghrúpa polaitiúil sa pharlaimint faoina leasanna airgeadais mar gheall ar an méid a dúirt sé ar TikTok.

Dúirt an MEP Francach Manon Aubry, comhcheannaire Ghrúpa Clé Pharlaimint na hEorpa, le tuairisceoirí in Strasbourg: ‘Má bhí easnamh ann – agus is rud é sin a gcaithfimid labhairt faoi le Mick Wallace – ansin cháinfimid é. Ní hé seo an cineál eitice dár ngrúpa polaitiúil.’

Dúirt sí. ‘Ní dhéanfainn iarracht an cheist a sheachaint, agus bheinn macánta. Bheadh sé seo do-ghlactha, agus is rud é sin nach mór dúinn a phlé laistigh dár ngrúpa agus le Mick Wallace sna seachtainí atá romhainn.

‘Má tá easnamh ann, tá dualgas anseo meas a thabhairt do na rialacha.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram