Deir an IFA go mbeidh ‘éirí amach faoin tuath’ mar gheall ar pholasaithe glasa an Rialtais

Tá rabhadh tugtha ag an IFA go mbeidh ‘éirí amach faoin tuath in Éirinn’ má chuirtear polasaí faoi laghdú astaíochtaí carbóin i bhfeidhm ar earnáil na talmhaíochta.

Agus tá foinsí sinsearacha an Rialtais á rá go mbeidh dúshlánaí ollmhór ó thaobh na polaitíochta de má glactar le moltaí i dtuarascáil nua.

Beidh ar Éirinn a pleananna le haghaidh coillte a mhéadú faoi cheathair agus líon na mbeostoc a laghdú 30%, má leantar leis an plean seo.

farmCows8

Tagann an tuarascáil ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Environmental Protection Agency, EPA) ach d’íoc an Roinn Talmhaíochta agus Comhshaoil as.

Dúirt an EPA go bhfuil an tuarascáil á hullmhú faoi láthair agus go bhfuil sé le foilsiú go luath i mí an Mhárta.

Tá an Rialtas tiomanta do na astaíochtaí carbóin a laghdú go dtí a náid faoi 2050. Ach thug Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (Irish Farmers’ Association, IFA)  foláireamh inné á rá, má leantar ar aghaidh le cuid de na moltaí seo, bheadh sé sin go hiomlán do-ghlactha ag an IFA agus ‘bheadh sé ina chúis le héirí amach faoin tuath in Éirinn’.

Charlie McConalogue
Charlie McConalogue

Bunaíodh grúpa Athbhreithnithe ar Úsáid Talún (Land Use Review) mar chuid den Chlár don Rialtas chun a fháil amach cad a chaithfidh an earnáil seo a dhéanamh maidir le laghdú astuithe carbóin.

Dúirt foinse Rialtais amháin mura ndéileáiltear leis an athbhreithniú seo i gceart, go mbeadh sé ‘ar an dúshlán is mó don Rialtas’.

Dúirt Mattie McGrath, ceannaire na dTeachtaí Dála Neamhspleácha Tuaithe, gur rud ‘nimhneach’ in aghaidh na tuaithe in Éirinn a bhí sa tuarascáil.

Dúirt sé freisin gur leag sé amach an ‘tionchar millteach’ atá ag ‘polasaithe glasa radacacha’ an Rialtais ar fheirmeoireacht.

Dúirt an tUasal McGrath: ‘Má chuirtear na moltaí seo i bhfeidhm, beidh ollscriosta in aghaidh na tuaithe in Éirinn.’

D’iarr sé ar ráiteas ón Taoiseach Leo Varadkar agus ón Aire Talmhaíochta Charlie McConalogue, ‘ag dearbhú dúinn nach mbeidh aon laghdú ar eallach, muca, gabhar agus caoirigh agus go ndéanfar neamhaird láithreach den tuarascáil’.

Mattie McGrath 768x448 1
Mattie McGrath

Léirigh TD Neamhspleách eile, Seán Canney, imní i ndiaidh fhoilsiú na tuarascála.

Dúirt sé gur gá d’fheirmeoirí ‘a bheith páirteach sa phróiseas cinnteoireachta’ agus go raibh siad ‘toilteanach páirt a ghlacadh’, ach nach raibh torthaí an taighde ‘inbhainte’.

Dúirt ceannaire Cairde na Cruinne (Friends Of The Earth) Oisín Coghlan go raibh dúshlán ‘ollmhór’ ann.

Dúirt sé: ‘Níl an cheist seo ag imeacht; toisc nach maith le polaiteoirí a rá le vótálaithe, go háirithe grúpaí eagraithe go láidir i dtoghcheantair thábhachtacha, go bhfuil míchaoithiúlacht (inconvenience) romhainn, ní athraíonn sé an réaltacht go gcaithfidh muid ár n-astuithe a laghdú go práinneach.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram