Ní bheidh Naughten san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile

Ní bheidh an TD neamhspleách Denis Naughten san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile.

I ráiteas aréir, dúirt an t-athair de cheathrar: ‘Tá cinneadh déanta agam, tar éis dom 26 bliain de mo shaol a thabhairt don pholaitíocht náisiúnta, gurb é seo an t-am chun céim siar agus deiseanna nua a fhiosrú.

‘Chuaigh mé isteach sa pholaitíocht ag aois óg, i gcúinsí deacra, agus bhí sé ar intinn agam i gcónaí mo lámh a iompú chuig rud éigin lasmuigh den pholaitíocht. Tá an t-am tagtha anois chun é sin a dhéanamh.

‘Thug mé tacaíocht don Rialtas mar TD Neamhspleách ag am a raibh gá le cobhsaíocht (stability) pholaitiúil, ag déanamh ionadaíochta ar mo thír ag an leibhéal idirnáisiúnta mar Aire, ag cur lenár n-uaillmhian náisiúnta i dtreo sochaí níos ísle carbóin.’

denis naughten 2
Denis Naughten

Toghadh an TD le haghaidh Gaillimh agus Ros Comáin mar iarrthóir Fhine Gael ar Sheanad Éireann den chéad uair i 1997 in ionad a athar, Liam, nach maireann, agus ansin fuair sé suíochán Dála in olltoghchán 1997.

Tá sé ina Teachta Dála neamhspleách ó 2011, tar éis dó fuip Fhine Gael a chailleadh nuair a vótáil sé in aghaidh dhúnadh roinn éigeandála Otharlann Ros Comáin.

Mar sin féin ceapadh é ina aire cumarsáide, gnímh aeráide agus comhshaoil é in 2016, ach d’éirigh sé as oifig in 2018 mar gheall ar chruinnithe a bhí aige le fear tairgeoir don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda (National Broadband Plan)  fad is a bhí an próiseas soláthair ar siúl.

I ráiteas, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go ndearna an tUasal Naughten ‘cúnamh mór’ leis an bpolaitíocht go háitiúil agus go náisiúnta.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram