Tá iar-léitheoir an Nuacht ar theilifís RTÉ agus údar móréilimh, Deirdre Purcell, ar shlí na fírinne. Bhí sí 77 bliain d'aois.
Bhí ról stairiúil ag Ms Purcell nuair a bhí sí ar an gcéad bean a bhí ina léitheoir nuachta ar an Nine O'Clock News ar Theilifís RTÉ.
Go luath ina gairm bheatha, bhí sí ina aisteoir in Amharclann na Mainistreach.
Scríobh sí freisin do nuachtáin lena n-áirítear an Sunday Tribune, áit ar bhuaigh sí gradam iriseoir na bliana i 1986.
Scríobh Ms Purcell go leor úrscéalta móréilimh, a mhol na léirmheastóirí freisin. Ina measc bhí Falling for a Dancer, a cuireadh in oiriúint don teilifís i 1998, chomh maith le A Place of Stones, That Childhood Country, Grace In Winter agus Days We Remember.
D’fhoilsigh sí roinnt saothar neamhfhicsin freisin, lena n-áirítear The Time of My Life le Gay Byrne.
Chuir sí It Says in the Papers i láthair do Morning Ireland ar RTÉ Raidió 1 freisin.
Fágann Deirdre Purcell a fear céile, Kevin Healy agus a beirt mhac Adrian agus Simon Weckler ina dhiaidh.
‘Tá muid go léir an-bhrónach tar éis cailliúint tobann Dheirdre,’ a dúirt a teaghlach i ráiteas.
‘Go dtí an lá roimh a bás bhí Deirdre chomh lán de phleananna, de scéimeanna agus de bhrionglóidí agus a bhí sí i gcónaí.
‘Rinne Deirdre cairde cibé áit a ndeachaigh sí agus beidh cuimhne ag an oiread sin daoine uirthi mar chompánach bríomhar, cliste agus comhbhách.
‘Bhí an tallann, an bheocht agus an aigne ghéar aicí i gcónaí, mar iriseoir a bhfuil duaiseanna buaite aici, scríbhneoir ficsean ar éirigh go maith léi ar fud an domhain agus – ina hóige – ina haisteoir cumasach Amharclann na Mainistreach. Ba fhórsa mhór í agus is mór an trua í a chailleadh.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.