Tá ‘áthas an domhain’ ar Zú Bhaile Átha Cliath agus iad ag cuir fáilte roimh bhreith leanbh rhino nua – sé sin ‘southern white rhinoceros calf’.
Meastar go bhfuil meáchan thart ar 50kg ar an lao (calf) baineann, a rugadh ar 2 Eanáir don mháthair Nyala.
Téann an lao in éineacht lena hathair, Chaka, agus a leath-deartháir, Fionn, mar an ball is nuaí den tréad, a bhfuil seachtar ball ann anois, i Savanna na hAfraice i Zú Bhaile Átha Cliath.
Níl sí ainmnithe fós agus is í an dara lao ag Nyala, agus is rath suntasach eile é an bhreith do Zú Bhaile Átha Cliath mar chuid den Chlár Eorpach um Speicis i mBaol, a bunaíodh chun cabhrú le maireachtáil na srónbheannach (rhinoceros).
Sna seachtainí atá romhainn, is féidir le cuairteoirí spléachadh a fháil ar an máthair agus ar an lao trí fhuinneog Theach na Srónbheannach nó amach ar an Savanna, áit a bhfuil nasc grámhar forbartha ag an mbeirt cheana féin.
Is minic go bhfeictear lao nua Nyala ina taobh agus í ag tógáil muiníne agus ag fiosrú a timpeallacht nua.
Glacann Zú Bhaile Átha Cliath páirt faoi láthair i gclár póraithe (breeding programme) Eorpach do shrónbheannach bán theas.
Meastar go bhfuil 16,000 de na hainmhithe seo san fhiántas agus tá a bhformhór le fáil san Afraic Theas, sa tSiombáib (Zimbabwe), sa Namaib agus sa Chéinia (Kenya).
Is í póitseáil le haghaidh adharc srónbheannach, a chreidtear go mícheart go bhfuil cáilíochtaí leighis aige, an bhagairt is suntasaí don daonra fiáin.
Dúirt Helen Clarke-Bennett, ceannaire fhoireann na hAfraice Plains: ‘Tá ár bhfoireann thar a bheith sásta fáilte a chur roimh lao srónbheannach bán theas eile go Zú Bhaile Átha Cliath.
‘Bhí na hainmhithe seo ar tí dul in éag sa 20ú haois, agus níl ach timpeall 16,000 acu fágtha ar domhan inniu.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.