Sé Náisiún: Herring ar an húicéar d’Éireann i gcoinne na Fraince agus tá Murray OK

10/02/2023

Beidh foireann rugbaí na hÉireann gan húicéar Dan Sheehan do chluiche mór na Sé Náisiún in aghaidh na Fraince Dé Sathairn ach tá Conor Murray aclaí agus in ann imeacht sa chluiche sa bhaile i Staid Aviva.

Níl ach athrú amháin déanta ag Andy Farrell ar an líne thosaigh a bhuaigh in aghaidh na Breataine Bige 34-10 sa chluice i  Caerdydd (Cardiff), Dé Sathairn seo caite. Agus is athrú é sin a bhí air a déanamh mar gheall ar an gortú; Ní féidir le Sheehan imirt toisc go bhfuil gortú i dteannán a ioscaide (hamstring) air.

rugbyirelandbealhamamamand Furglong
Tadhg Furlong nacg nbeidh ag imirt, ar dheis, agus Finlay Bealham Pic: Piaras Ó Mídheach/Sportsfile

Tagann Rob Herring in áit an húicéara agus bogfaidh Ronan Kelleher isteach ar bhinse na n-ionadaithe , tar éis dó teacht chucu féin ó fhadhb le dteannán a ioscaide (hamstring) a d’fhág nach raibh sé ar fáil do chluiche na Breataine Bige.

Ní féidir leis an frapa ceann teannta (tighthead prop), Tadhg Furlong, an leathchúlaí clibirte (scrum-half) Jamison Gibson-Park agus an trícheathrúnach (centre) Robbie Henshaw imirt in aghaidh na Fraince ach an oiread.

Is é seo cluiche mór na sraithe idirnáisiúnta mar tá an fhoireann is fearr sa domhain, Éireann, i gcoinne sheaimpíní cosanta na Sé Náisiún, an Fhrainc.

rugby shaneIrelandE 2
Caelan Doris as Éireann le Liam Williams. Pic: INPHO/Dan Sheridan

Tá faoiseamh i measc lucht leanúna na hÉireann gur ainmníodh Murray ón Déardaoin.

Bhí an leathchúlaí clibirte (scrum-half) na Mumhan go hiontach tar éis dó teacht in ionad Gibson-Park ar maidin chluiche an deireadh seachtaine seo caite in aghaidh na Breataine Bige i gCaerdydd (Cardiff). Bhí imní ann go bhféadfadh sé a bheith gortaithe ach leanfaidh sé ar aghaidh ag imirt mar leathchúlaí leis an gcaptaen agus an leathchúlaí amuigh Johnny Sexton.

Bhí amhras faoi Sexton freisin a raibh fadhb cos aige.

Is é Kelleher an t-aon athrú ar an mbinse a bhí sa cluiche in aghaidh na Breataine Bige Dé Sathairn seo caite.

D’ainmnigh ceannaire na Fraince Fabien Galthié 15 gan athrú don chluiche Aviva.

Éire: H Keenan; M Hansen, G Ringrose, S McCloskey, J Lowe; J Sexton, C Murray; A Porter, R Scadán, F Bealham; T Beirne, J Ryan; P O’Mahony, J van der Flier, C Doris.

Ionadaithe: R Kelleher, D Kilcoyne, T O’Toole, I Henderson, J Conan, C Casey, R Byrne, B Aki.

An Fhrainc: T Ramos; D Penaud, G Fickou, Y Moefana, E Dumortier; R Ntamack, A Dupont (C); C Baille, J Marchand, U Atonio; T Flament, P Willemse; A Jelonch, C Ollivon, G Alldritt.

Ionadaithe: G Barlot, R Wardi, S Falatea, R Taofifenua, F Cros, S Macalou, B Couilloud, M Jalibert.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram