D’iarr athair íospartach eile as Craoslach ar TG4 moill a chur ar léiriú clár faisnéise

09/02/2023

D’iarr teaghlach eile d’íospartaigh thragóid Craoslach nach gcuirfí clár faisnéise na hoíche anocht ar aghaidh.

Phléadáil athair Leona Harper ar TG4 craoladh an chláir faoin tragóid a chur siar. Dúirt sé go raibh sé ‘i bhfad ró-luath’ agus ‘i bhfad ró-amh’.

Díríonn an clár faisnéise, dar teideal Iniúchadh TG4 – An Craoslach, ar iarrachtaí tarrthála mhuintir na háite i sráidbhaile Dhún na nGall, agus tá sé le craoladh ag 9pm anocht.

Bhásaigh deichniúr sa phléasc, lena n-áirítear Leona Harper, 14 bliana d’aois, a bhí le tabhairt faoina Teastas Sóisearach níos déanaí i mbliana.

creesLeona Harper 1
Leona Harper

Tá iarrtha ag athair Leona Hugh ar TG4 an clár faisnéise a chur siar. Dúirt sé go bhfuil ceithre mhí i bhfad ró-luath tar éis na tragóide.

Ag labhairt dó le Joe Duffy ar Liveline Raidió 1 inniu, dúirt sé:

‘Bhí mo bhean chéile, Donna, ar an ardán nóiméad tar éis an phléasctha, lenár mbeirt bhuachaillí.’

Dúirt sé: Níl mé ag iarraidh dúiseacht maidin amárach, nó mo bhean chéile dul isteach i siopa, nó mo pháistí dul isteach sa scoil, agus íomhánna a scaipeadh nach bhfuil feicthe againn.’

Cheana féin, d’iarr teaghlach beirt a fuair bás sa phléasc ar TG4 gan an clár faisnéise faoin eachtra a chraoladh anocht.

Fuair páirtí Áine Flanagan, Robert Garwe, agus a iníon, Shauna Flanagan Garwe, bás le linn an phléasctha.

croislachShauna Flanagan Garwe Robert Garwe 2 768x448 1
Robert agus Shauna Flanagan

Dúirt deartháir Ms Flanagan, Killian Flanagan, le Liveline inné, go bhfuil teagmháil déanta aige le TG4 agus leis na Gardaí chun a iarraidh nach ndéanfaí an clár a chraoladh fad is atá fiosrúchán ar siúl ag na Gardaí.

Dúirt sé go bhfuil imscrúdú ilghníomhaireachta ar siúl agus go bhfuil Ms Flanagan ag lorg freagraí faoinar tharla agus cén fáth ar tharla sé.

Ag labhairt dó thar ceann a dheirfiúr, dúirt sé go bhfuil sí trína chéile faoin méid a bheidh le feiceáil agus le cloisteáil aici ar a gclár.

‘Ní ceart gurb é seo an chéad léiriú ar an méid a tharla,’ a dúirt sé.

‘Cén fáth a gcuirfidís riachtanais an táblóideachas (sensationalism) chun tosaigh ar riachtanais theaghlaigh na n-íospartach, ní thuigim é.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram