Tá Oifigeach Cléireachais sa Státseirbhís (Líofacht sa Ghaeilge) á lorg ag an Státseirbhís – agus tá an spriocdháta go luath.
De réir an fhógra: ‘Cuirtear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bhfuil an cumas acu a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge.’
Cliceáil ANSEO chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh ar an bpost.
Ní gá go mbeadh ar iarrthóirí a n-éiríonn leo, a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge ar bhonn lánaimseartha. Beidh sé ag brath ar an ngnó a dhéanann an roinn fostaithe.
‘Mar Oifigeach Cléireachais sa Státseirbhís, is féidir go mbeifeá ag obair i gceann de Phríomh-Ranna an Rialtais nó i gceann d’Oifigí éagsúla an Stáit,’ de réir an fhógra.
‘Tá baint ag éagsúlacht na hoibre a mbeidh tú páirteach inti le gach gné de shaol na hÉireann agus tá gairm shásúil agus ilchineálach ann inar féidir leat cur le cúrsaí.
‘Tá an Státseirbhís á forbairt le blianta fada le déileáil le riachtanais an Stáit a bhíonn ag athrú de shíor, agus de réir mar a chuirtear leis na hathruithe sin, am maith atá ann tús a chur le do ghairm mar Oifigeach Cléireachais sa Státseirbhís.’
Tá níos mó eolais faoi ról an Oifigigh Chléireachais (Líofacht sa Ghaeilge) agus faoin bpróiseas iarratais ar fáil i Leabhrán Eolais an Iarrthóra.
‘Táimid tiomanta do dheiseanna comhionannais agus cuirimid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta,’ de réir an fhógra.
Dáta agus Am Dúnta: Dé Déardaoin 20 Meitheamh 2024 ag 3i.n.
Cliceáil ANSEO chun tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh ar an bpost.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.