Slán abhaile: Laoch na Liobáine Shane Kearney scaoilte as ospidéal

Tá an laoch Éireannach a gortaíodh go dona sa luíochán (ambush) sa Liobáin scaoilte amach as ospidéal i mBaile Átha Cliath le leanúint dá théarnamh (recovery) sa bhaile.

Scaoileadh Trúipéir Shane Kearney inné as Ospidéal Beaumont, áit a bhfuair sé cóir leighis tar éis an ionsaí ar a conmhaigh, a d’fhág  Pte Seán Rooney marbh.

Lebanon Shane Kearney 1 1
Trúipéir Shane Kearney

Maraíodh Pte Rooney agus gortaíodh Trúipéir Kearney nuair a rinneadh ionsaí ar an bhfeithicil armúrtha UNIFIL, a bhí Pte Rooney a thiomáint gar do shráidbhaile Al-Aqbiya i ndeisceart na Liobáine ar an 14 Nollaig.

I mí Eanáir, dúirt réamhthuarascáil de chuid Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) faoin eachtra go raibh an t-ionsaí ar an conmhaigh, a chuaigh isteach sa limistéar mícheart i mBéiriút, ‘gan réamhbheartú’.

Tá seachtar cúisithe ag an Liobáin cheana féin as páirt a ghlacadh san ionsaí, ach tuigtear nach raibh ach duine amháin acu faoi choinneáil tar éis do Hezbollah é a thabhairt ar láimh d’Arm na Liobáine.

LebanonSean Rooney 1
 Pte Seán Rooney

Cúisíodh an duine sin ‘as an saighdiúir Éireannach a mharú agus iarracht a dhéanamh a thriúr gcomrádaithe a mharú trí gunna meaisín a lámhach’, a dúirt oifigeach, ag labhairt ar choinníoll gan a ainm a foilsiú mar nach raibh cead acu labhairt leis na meáin.

Ghearr breitheamh seisear teifeach (fugitives) freisin ‘as bagairtí a nochtadh le arm mídhleathach, scriosadh na feithicle UNIFIL agus imeaglú (intimidation) a dhéanamh ar a paisinéirí’, a dúirt an t-oifigeach.

Tá an sráidbhaile ina tharla an ionsaí i gceantar atá faoi smacht an pháirtí armtha Hezbollah agus gortaíodh beith saighdiúirí eile san ionsaí.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram