Deireadh le cuardach an FBI i dteach Biden, gan teacht ar aon cháipéisí le ‘classified’

01/02/2023

Tá deireadh le cuardach an FBI ar theach laethanta saoire Delaware an Uachtaráin Joe Biden. Ba é an chéim is déanaí in oibríocht chun teacht ar doiciméid rúnaicmithe (classified) a stóráiltear go míchuí.

Rinneadh an cuardach ‘le lán-tacaíocht agus comhoibriú an Uachtaráin’, a dúirt an dlíodóir Bob Bauer. Dúirt sé go bhfuil deireadh leis an gcuardach anois agus nach bhfuarthas aon cháipéisí le marcálacha rúnaicmithe.

Dar leis an Teach Bán, an fhadhb a bhí ann ná gur stóráil an tUasal Biden doiciméad ann scór bliain ó shin nuair a bhí sé ina leas-uachtarán faoi Barack Obama.

Murab ionann agus an tUasal Trump, a chuir in aghaidh na céadta doiciméad rúnaicmithe a thabhairt ar ais tar éis dó an Teach Bán a fhágáil in 2021, deir an tUasal Biden go bhfuil sé ag comhoibriú leis na húdaráis ó thángthas ar dornán doiciméad rúnaicmithe in iar-oifig a d’úsáid sé i Washington.

FBI

Rinne an FBI an chuardach ‘gan réamhfhógra poiblí’ a chur amach. Baineann an t-imscrúdú le fiosrú níos leithne ar láimhseáil doiciméad rúnaicmithe.

Níl aon tráchtaireacht déanta ag an FBI ar an gcuardach. Ach thugadh cead dóibh mar sin níor lorgaíodh aon bharántas cuardaigh (search warrant).

Dúirt an tUasal Bauer, go ndearnadh an cuardach ‘gan fógra poiblí roimh ré’ ar mhaithe le ‘slándáil agus sláine oibriúcháin’.

Is é seo an cuardach is déanaí i sraith a rinneadh in áiteanna éagsúla, tar éis teacht ar dhoiciméid rúnaicmithe ag Ionad Penn Biden, oifige i Washington DC, i mí na Samhna. Ní raibh an eolas seo ar fáil don phobal ag an am.

Thángthas ar dhoiciméid bhreise ag ceann eile de thithe an Uasail Biden i Wilmington, Delaware, i gcuardach a rinneadh ina dhiaidh sin i mí na Nollag agus mí Eanáir.

joe biden poland

Níl sé soiléir fós cé méid doiciméid a bhí ann, cé gur thángthas ar dhosaen ar a laghad le linn cuardaigh Eanáir amháin.

Dúirt an tUasal Biden go ndearna a fhoireann ‘na rudaí ba cheart dóibh a dhéanamh’ trí oifigigh a chur ar an eolas láithreach, agus go bhfuil siad ‘ag comhoibriú go hiomlán’ leis an imscrúdú.

Tar éis an chéad chuardaigh i mí Eanáir, dúirt an tUasal Biden le tuairisceoirí go raibh na comhaid i ngaráiste faoi ghlas.

‘Ní riabh siad ina suí ar an tsráid,’ a dúirt sé.

Tar éis don na doiciméid a aimsiú i mí na Samhna, thug aturnaetha don Uasal Biden fógra láithreach d’oifig abhcóide an Teach Bán ar an 2 Samhain. Tugadh na comhaid don Chartlann Náisiúnta an lá dár gcionn.

Cuireadh oifigigh na Roinne Dlí agus Cirt ar an eolas fuatha dhiaidh sin.

Tá an tUachtarán Donald Trump agus an t-iar-Leas-Uachtarán Mike Pence faoi chonspóid freisin maidir le láimhseáil doiciméad rúnaicmithe.

I gcás an Uasail Pence, thángthas ar ‘líon beag doiciméad ar a raibh marcálacha rúnaicmithe’ ina theach cónaithe i Carmel, Indiana, de réir litir a sheol a dhlíodóir chuig an gCartlann Náisiúnta.

D’aisghabh an FBI na doiciméid ó thaisce ag an réadmhaoin an 19 Eanáir, agus seachadadh dhá bhosca eile chuig an gCartlann an 23 Eanáir.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram