Cá bhfuil mo dhinnéar? Tá níos lú Whiskas d’ár gcait le ‘shrinkflation’

31/01/2023

Anois tá do chat ag fulaingt ó ‘shrinkflation’ mar go bhfuil siad ag fáil níos lú ar a bpláta ó Whiskas, cheann de na soláthraithe bia do chait is mó.

Tá cuideachtaí móra ag déileáil le boilsciú (inflation) trí gheallúint a thabhairt gan praghsanna a ardú – ach laghdaíonn siad an méid bia a chuireann siad ar fáil ina ionad sin.

Agus uaireanta gearrann siad an méid atá ar fáil AGUS ardaíonn siad an praghas.

Tá Pringles, Doritos agus barraí Daily Milk ar chuid de na bianna blasta coitianta a gearradh le blianta beaga anuas.

catOut68x623
Ar buile faoi ‘shrinkflation b’fhéidir

Mar sin má tá cuma níos tanaí ar do chait ná mar is gnách, d’fhéadfadh sé a bheith mar gheall gur ghearr Whiskas a chuid púitsí (pouches) ó 100g go 85g – agus iad a choinneáil ar an bpraghas céanna.

Chuir siad deireadh freisin le málaí 2kg de bhia tirim cat a dhíol, agus tá mála níos lú, ag 1.9kg, ar fáil ina ionad, ach fós beidh an costas a mhéadú.

Mhaígh an chuideachta go raibh an cinneadh bunaithe ar thaighde eolaíoch go gcaithfeadh cait níos lú a ithe agus go n-íoslaghdódh sé dramhaíl (waste).

Ag labhairt dó leis an Irish Daily Mail, rinne an saineolaí gnóthaí siopadóireacht Dermott Jewell cur síos ar bhearta Whiskas mar ‘shrinkflation’.

catfair feature 768x448 1

‘Más féidir boilsciú a chur ar aghaidh, is cruthúnas é seo faoi. Níl siad ag iarraidh tionchar a imirt ar an bpraghas mar bheadh an oiread sin tomhaltóirí (consumers), go háirithe úinéirí peataí, an-airdeallach (alert) ar phraghsanna,’ a dúirt sé.

‘Tá sé beagáinín calaoiseach  (underhanded) mura bhfuil tú ag faire go géar AG féachaint go díreach cad a deir sé ar an stán.

‘Is dócha go bhfeicfimid cait ag fáil níos mó blúirí (scraps) ná mar is gnách ag ár mbord dinnéir anois.’

Mar fhreagra ar laghdú méide cuid dá tháirgí, dúirt urlabhraí de chuid Whiskas: ‘D’aithin taighde fairsing ó Institiúid Eolaíochta Waltham Petcare gurb é 80g-85g an méid a mholtar do bhia cat fliuch, toisc go mbíonn 90% de thuismitheoirí cait ag cothú meascán de bia fliuch agus tirim.’

Dúirt an chuideachta freisin go gcabhródh na púitsí bia níos lú le húinéirí cait ‘dramhaíl bia a laghdú’ trína chinntiú go dtugtar an méid ceart do chait.

Agus é ag tagairt do na málaí tirime bia cait atá 1.9kg anois, dúirt an t-urlabhraí: ‘Tá an brú boilscithe atá á bhraith ar fud na cruinne doiciméadaithe go maith agus faraor nílimid saor uathu.

‘Cé go leanaimid ar aghaidh ag glacadh le harduithe suntasacha costais a thagann isteach, agus freisin fanann praghsáil miondíola (retail) faoi rogha an mhiondíoltóra amháin, ar an drochuair tá coigeartú (adjustment) praghais liosta déanta againn sa chás seo.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram