Na ‘Brits’ ar ais! Airí faoi bhrú tar éis aighneas Coillte na feirmeoirí agus na Glasaigh a chur le chéile

31/01/2023

Tá an bheart le Coillte agus Gresham House ag cuir figiúirí sinsearacha an Rialtais ar buile leis an Aire Talmhaíochta Charlie McConalogue agus Aire Sóisearach an Chomhaontais Ghlais Pippa Hackett, mar theip orthu an damáiste polaitiúil a fheiceáil.

‘Nuair a bhíonn na feirmeoirí agus na comhshaolaithe (environmentalists) le chéile ag cur in aghaidh comhaontú, tá a fhios agat go bhfuil praiseach mór déanta agat,’ a dúirt duine sinsearach sa Rialtas.

Agus mhaígh iar-aire Fhine Gael Michael Ring go paiseanta go raibh siad tar éis na ‘Brits’ a ligean ar ais go hÉirinn tríd an doras cúil.

Faoin margadh, is féidir le hinfheisteoirí príobháideacha, le gnólacht bainistíochta cistí (fund management) Gresham House suas le €200 milliún a infheistiú ag ceannach foraoiseachta na hÉireann.

Pippa Hackett1 1168x681 2
Pippa Hackett Pic: Conor Ó Mearáin/Collins Photos

Déanfaidh Coillte, an comhlacht Stáit atá i bhfeighil na foraoiseachta faoi láthair, é seo a bhainistiú.

Tá sé ráite ag an Uasal McConalogue nach raibh an socrú ‘ar ár rogha is fearr’.

Dúirt sé le Newstalk go bhfuil sé ‘beartaithe againn oibriú i bhfad níos dlúithe le Coillte amach anseo’.

Mar sin féin, thug duine sinsearach polaitíochta foláireamh go raibh sé ródhéanach mar go bhfuio na daoine faoin tuath ‘amhrasach agus ar buile. Is é cogadh talún an chéad rud eile ar an gclár’.

Spreag an comhaontú fearg ó go leor cúlbhinseoirí de chuid Fianna Fáil, Fine Gael agus an Chomhaontais Ghlais, le tacaíocht ó Shinn Féin agus TDanna Solidarity. Mhaígh siad go bhfuil foraoisí na hÉireann á rialú ag ‘vulture fund’ tríd an doras cúil.

Michael Ring TD
Michael Ring Pic: Leah Farrell/RollingNews.ie

Cuideachta infheistíochta seachas ‘vulture fund’ atá i i gceist le Gresham House, ach ní raibh mórán suim faoi an t-idirdhealú sin ag chuid de na Teachtaí Dála agus na seanadóirí a chuir an tUasal McConalogue agus Ms Hackett faoi cheistiú ar feadh ceithre huaire an chloig ag Coiste Talmhaíochta na Dála.

Thug duine sinsearach amháin ón Rialtas foláireamh: ‘Ba cheart go bhfaca siad an trioblóid seo ag teacht.

‘D’éirigh leo éirí amach na cúlbhinseoirí a spreagadh ar fud Fhianna Fáil, Fhine Gael agus na Glasaigh.’

Charlie McConalogue
Charlie McConalogue

Dúirt Michael Ring: ‘I mbliana táimid 100 bliain d’aois mar Stát. Thóg sé 700 bliain orainn na Briotanaigh a bhaint amach as Éirinn agus anois táimid ag tabhairt luach saothair dóibh maidir le Brexit.

‘Tá cás againn anois idir Coillte agus na Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (National Parks and Wildlife) nach féidir le haon fheirmeoir píosa talún a cheannach.

‘Ní mór dúinn rud éigin a dhéanamh ag leibhéal an AE chun é seo a chosc.

‘Tá muid mar chuid den AE agus anois tá muid ag tabhairt luach saothair do na Breatnaigh trí ligean dá gcuid scéimeanna ‘vulture’ a ghlacadh ar láimh agus muid ag cur pionós ar fheirmeoirí na hÉireann.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram