Tax back: An bhfuil tú ag íoc an iomarca cánach? Seans gur leatsa cuid den €600m atá dlite d’oibrithe agus ‘renters’

An gceapann tú go bhfuil tú ag íoc an iomarca cánach. B’fhéidir go bhfuil an ceart agat. Íocadh beagnach €600 milliún sa bhreis i gcáin le dhá bhliain anuas.

Ach seo an chaoi chun a fháil amach cé mhéad is féidir leat a fháil ar ais, agus conas é a dhéanamh.

Léiríonn figiúirí nua nár lorg daione a gcuid den €582 million atá dlite d’oibrithe agus do chíosóirí (renters).

Michael McGrath 1168x681 1
An tAire Airgeadais Michael McGrath

Anois, tá TD amháin ag tacú le cúis na n-oibrithe agus na gcíosóirí sin, leis an teachtaireacht ‘os ard agus soiléir’ a sheoladh amach go bhfuil siad i dteideal a gcuid airgid a fháil ar ais.

Dúirt TD Fhianna Fáil Aindrias Moynihan: ‘Tá daoine tar éis an iomarca cánach a íoc agus ba cheart go mbeadh daoine ag éileamh a gcuid airgid ar ais.’

Léiríonn sonraí a thiomsaigh an Roinn Airgeadais gur íocadh €400milliún sa bhreis anuraidh, agus €182 milliún in 2021. Ciallaíonn sé sin go bhfuil iomlán de €582 milliún ag fanacht le fáil ar ais.

Agus ba cheart do chíosóirí a bheith cinnte go seiceálfaidh siad a n-íocaíocht chánach toisc go bhfuil cuid mhór den €400milliún do 2022 mar gheall ar chreidmheas nua do chíosóirí. Sin €500 in aghaidh an tionónta (tenant). Tugadh é sin isteach chun cabhrú le costas ollmhór na gcíosanna a laghdú.

taxCouple Bill 2

Ach as an 400,000 cíosóir a bhí in ann cáin a fháil ar ais, ní dhearna ach 78,000 iarracht é a fháil, léiríonn figiúirí a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim (Revenue Commissioners ) an tseachtain seo.

Léiríonn na figiúirí nua freisin go bhfuil níos mó ná €5,000 dlite do bheagnach 10,000 duine.

Spreag an tUasal Moynihan oibrithe atá ag íoc PAYE chun tuairisceán cánach ioncaim a chomhdú (file an income tax return).

Thug an tAire Airgeadais Michael McGrath le fios dó sa Dáil go bhfuil aisíocaíocht dlite do na céadta míle oibrí PAYE, nach bhfuil tuairisceán a chomhdú acu go fóill.

tax 2

Tá €554 milliún tugtha ar ais ag na Coimisinéirí Ioncaim cheana féin do cháiníocóirí PAYE do 2021, agus €193 milliún don bhliain seo caite.

Dúirt an tAire McGrath go bhféadfadh suas le 563,300 oibrí a bheith dlite cáin ar ais as an €400 milliún ó2022, agus don bhliain 2021, d’fhéadfadh suas le 325,000 oibrí a bheith dlite cáin ar ais as an €182 milliún.

Is cosúil nach bhfuil a fhios ag go leor daoine cad is féidir leo a fháil.

  1. Tá an creidmheas cánach do chíosóirí, a d’fhógair an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair, ar cheann de na faoisimh is féidir a fháil ar thuairisceán cánach ioncaim don bhliain chánach 2022.
  2. Agus de réir na bhfigiúirí is déanaí a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim an tseachtain seo, fuair 78,400 duine an creidmheas cánach cíosa.
  3. Fuair 86,900 costais sláinte.
  4. Fuair 8,300 faoiseamh cánach ar tháillí teagaisc.
  5. Fuair 32,900 cáin ar ais ar costais eile.
  6. Fuair 33,300 daoine atá ag obair ó chian (remote work) €68 ar ais anuraidh, ar an meán.

Mar sin féin, tá foláireamh tugtha ag an Aire Airgeadais, nach féidir le cáiníocóirí dul siar ach ceithre bliana agus iad ag iarraidh cánach a fháil ar ais. Ina dhiaidh sin coimeádann an Stát é.

‘Is í an teachtaireacht do dhaoine ná seiceáil conas mar atá siad. Tá sé simplí go leor dul ar líne agus ceist a chur,’ a dúirt sé.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram