Deir Leo Varadkar nár dúradh leis faoi pholasaí bac a chur ar chásanna tithe altranais

30/01/2023

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nár fuair sé ‘memo’ a léirigh polasaí oifigiúil an Rialtais chun bac a chur ar chúiteamh ar tháillí tithe altranais.

Dúirt sé, áfach, go raibh sé ar an eolas faoi cheathrar a fuair ‘memo’ ar an gceist, ach dúirt sé nach raibh sé ar dhuine acu.

In agallamh ar Newstalk le Pat Kenny dúirt an tUasal Varadkar gur cheist ‘chasta’ a bhí ann.

leo varadkar 1168x681 2
Leo Varadkar

Ar an Domhnach, d’fhoilsigh ExtraG.ie agus The Irish Mail on Sunday tuairisc ar straitéis rúnda an Stáit maidir le cásanna a tharraingt amach chomh fada agus is féidir sula socrófar iad go ciúin.

Chuir sé sin isteach ar chónaitheoirí tithe altranais a bhain úsáid as tithe altranais príobháideacha nuair nach raibh aon áit phoiblí ar fáil, agus chuir sé isteach ar shealbhóirí cártaí leighis ar gearradh táillí orthu i dteach altranais.

Dúirt an tUasal Varadkar nár ghéill an Stát riamh don phointe go raibh táillí tithe altranais príobháideacha clúdaithe ag cártaí leighis.

‘An bealach ar cuireadh i láthair é ar an Domhnach, tá an fíorphictiúr níos casta ná sin… Ní raibh mé riamh páirteach i straitéis dlí a cheapadh maidir le táillí tithe altranais,’ a dúirt sé le Pat Kenny.

Tuairiscíodh gur glacadh leis an straitéis toisc go raibh a fhios ag an Stát nach bhféadfadh sé a bhuachan, agus na billiúin euro i gceist.

Thuairiscigh ExtraG.ie agus The Irish Mail on Sunday gur líomhnaítear go bhfuil rialtais i ndiaidh a chéile tar éis dul i mbun straitéis rúnda a bhí dírithe ar aisíocaíochtaí ón Stát a theorannú do dhaoine aonair ar gearradh táillí mícheart orthu as cúram tí altranais phoiblí.

shane corr children autism dossier department of health
An whistleblower Shane Corr

Líomhain an tuarascáil, atá bunaithe ar nochtadh cosanta ón sceithire (whistleblower) de chuid na Roinne Sláinte, Shane Corr, go bhfuil iarracht déanta ag rialtais difriúla, ó 2011 i leith, dliteanas (liability) an Stáit i leith na muirear (charges) a cheilt, chun cosc a chur ar €12 billiún a d’fhéadfadh a bheith in eisíocaíochtaí dóibh siúd a bhí i gceist.

Is ábhar do na céadta gearán chuig Oifig an Ombudsman le blianta beaga anuas é an cleachtas muirear a ghearradh orthu siúd atá i dteideal cúram tí altranais in aisce.

Go dtí lár na 2000idí, bhí sealbhóirí cárta leighis i dteideal cúram tí altranais saor in aisce ón Stát.

D’fhoilsigh an t-Ombudsman a bhí ann ag an am, Emily O’Reilly tuarascáil ar an tsaincheist dar teideal ‘Who Cares?’ in 2010, a deir go raibh an Roinn Sláinte ‘leanúint le réimeas muirir mhídhleathach (illegal charging regime) mar gheall ar, i measc rudaí eile, an gá atá le foinse thábhachtach de maoiniú a choinneáil.

Chuir sé cúisí freisin ar ghníomhaireachtaí Stáit as easpa trédhearcachta agus cuntasachta a léiriú faoin ábhar.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram