Chaill The Tommy Tiernan Show beagnach 40,000 lucht féachana tar éis feirge faoi jóc conspóideach a d'inis sé ag seó beo i mBaile Átha Cliath le déanaí.
Shiúil láithreoir RTÉ Emer O'Neill amach ag an gig i Vicar Street tar éis do Tiernan an jóc a insint, rud a bhfuil leithscéal gafa aige as. Dúirt sí go raibh an jóc faoi thiománaithe tacsaí in Éirinn agus Zú Bhaile Átha Cliath maslach agus ‘ciníoch’.
Tá cinneadh déanta ó shin ag an gcomhlacht tacsaí FreeNow deireadh a chur le comhaontú urraíochta (sponsorship) le The Tommy Tiernan Show de chuid RTÉ mar gheall ar an jóc.
Léiríonn figiúirí atá eisithe ag RTÉ go raibh meán de 419,000 lucht féachana ag an eipeasóid a léiríodh tar éis na conspóide faoin jóc, ar an 21 Eanáir. Bhí sé sin beagnach 40,000 níos lú ná an 458,000 duine a d’fhéach ar an seó an tseachtain roimhe sin, ar an 14 Eanáir.
Bhreathnaigh 421,000 duine ar an gcéad seó den séasúr seo, ina raibh agallamh le laoch Manchester United, Roy Keane.
Mar sin féin, chosain an ceannaire Moslamach Shaykh, an Dr Umar Al-Qadri, Tiernan as an jóc.
Dúirt an Dr Al-Qadri: 'Is duine iontach é agus duine a bhfuil anam glan aige, rud atá le feiceáil ina leithscéal. '
Dúirt an Dr Al-Qadri, a bhí ar an seó in 2018, go ndearna sé gáire nuair a fiafraíodh de an raibh sé chun pléascadh tar éis aithris as an Quran.
‘Is aisteach an rud é go mbíonn sé greannmhar ag daoine áirithe nuair a bhíonn fear grinn ag magadh faoi ghrúpaí eile (mná rialta, sagairt) ach nach mbíonn sé greannmhar nuair a bhíonn sé ag magadh fúthu. Glacann gach duine scéalta grinn ar bhealach difriúil mar gheall ar a n-eispéireas maireachtála.
‘Agus níor cheart dóibh siúd nach nglacann le scéalta grinn faoina ngrúpaí féin scéalta grinn faoi ghrúpaí eile a fhulaingt,’ a dúirt ceannaire Moslamach na hÉireann.
Le linn an conspóid eisíodh ráiteas thar cheann Tiernan a dúirt: ‘Ar an Aoine an 6 Eanáir, d’inis Tommy jóc ar an stáitse, mar chuid dá seó. Chomh luath agus a fuair sé gearán faoi, labhair sé leis an ball sin den lucht féachana chun a thuiscint cá ndeachaigh sé mícheart.
‘Bhain sé an jóc den seó láithreach agus ghabh sé a leithscéal go pearsanta ar an nguthán agus ar an ríomhphost agus go poiblí trí déileáil leis ar an stáitse an oíche dár gcionn, agus gach oíche ó shin, ag gabháil a leithscéal arís.
‘Ní tacaíonn Tommy d’aon tuairimí diúltacha ar líne faoin ball seo den lucht féachana agus is cinnte nach tacaíonn sé leo má tá siad ag iarraidh é a chosaint.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.