Ní úsáideann leath de mhuintir na hÉireann fón baile a thuilleadh, agus tá laghdú mór ar líon na ndaoine a úsáideann línte talún, léiríonn na staitisticí is déanaí.
Léirítear i dtuarascáil nuafhoilsithe ón gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (Commission for Communications Regulation, ComReg) go raibh rochtain ag 39% de na tithe ar theileafón baile anuraidh.
Tá sé sin síos ón 57% in 2017, an uair dheireanach a rinneadh an suirbhé seo.
Dúirt 50% de na teaghlaigh nach bhfuil guthán baile acu. Ina theannta sin, as na daoine a bhfuil líne talún acu, ní úsáideann 11% í.
Cé go raibh fóin phóca coitianta cheana féin in 2017, le 97% de dhaoine ag rá go raibh ceann acu, mhéadaigh sé sin go 98% in 2022.
Fuarthas amach sa suirbhé a rinneadh ar 1,801 duine freisin go bhfuil beart leathanbhanda ag 62% de theaghlaigh le seirbhís amháin eile ar a laghad.
Astu sin, dúirt 21% go bhfuil beart leathanbhanda, guthán baile agus teilifíse acu, agus dúirt 21% eile go bhfuil beart leathanbhanda agus gutháin acu.
Ar an meán, caitheann daoine €75 in aghaidh na míosa ar a gcuid beart ach méadaíonn sé sin go €84 dóibh siúd a bhfuil rochtain acu ar ‘fibre’. Bhí an meánchaiteachas is airde de €96 ag Sky.
De réir an tsuirbhé, tá rochtain ag 89% de dhaoine ar leathanbhanda ina dteach agus úsáideann siad é. Ní deir ach 1% go bhfuil rochtain acu ar leathanbhanda ach nach n-úsáideann siad é, agus níl leathanbhanda ag 10%. As na daoine nach bhfuil leathanbhanda acu, dúirt 85% nach bhfuil aon phlean acu é a fháil sna 12 mhí atá romhainn.
Fuarthas amach sa suirbhé freisin go n-úsáideann teaghlaigh ar an meán an t-idirlíon ar feadh cúig huaire an chloig in aghaidh an lae. Tá an úsáid is airde i gCúige Laighean - gan Baile Átha Cliath san áireamh - ag 6.3 uair sa lá. Tá an úsáid laethúil is ísle in aghaidh an teaghlaigh ag Connacht/Ulaidh, ag 3.7 uair.
Tá an sciar is airde den mhargadh cónaithe leathanbhanda ag Virgin Media le 25% de na tithe. Tá 22% ag Eir agus 18% ag Sky.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.