Tabharfar 'Uisce Éireann' ar an gcomhlacht ‘Irish Water’ amach anseo, agus tá athruithe móra á ndéanamh ag an gcomhlacht atá anois ina fhóntas poiblí neamhspleách uisce.
D’fháiltigh Uisce Éireann roimh shíniú na n-orduithe a chuir tús leis an Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú) 2022 ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien.
Ceapadh deichniúr stiúrthóirí ar bhord nua Uisce Éireann freisin.
Ag labhairt dó faoi na hathruithe, dúirt Príomhfheidhmeannach Uisce Éireann Niall Gleeson: ‘Is garsprioc do sheirbhísí uisce é scaradh Uisce Éireann ó Ervia. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire O’Brien as a thacaíocht agus as tús a chur leis na horduithe chun Uisce Éireann a bheith ina fhóntas poiblí neamhspleách.
‘Táim ag súil freisin le leanúint lenár n-infheistíocht i seirbhísí uisce i gcomhar leis an gcathaoirleach Tony Keohane agus baill an bhoird neamh-fheidhmeannas (non-executive) nua.
Dúirt sé: ‘Tacóidh na hathruithe seo, in éineacht le foilsiú an ‘Chreatlach do Sheachadadh Seirbhísí Uisce sa Todhchaí’ (Framework for the Future Delivery of Water Services) le déanaí, le comhtháthú iomlán a dhéanamh ar sheirbhísí uisce ar bhonn náisiúnta, ag cinntiú go mbeidh buntáistí na hinfheistíochta leanúnaí de bhreis is €1 billiún sa bhliain i gceist d’ár gcórais uisce poiblí.
Ag obair le chéile cuirfimid bonneagar agus seirbhís uisce poiblí ar ardchaighdeán ar fáil ar fud na tíre. Cinnteoidh sé seo go mbeidh rochtain chomhsheasmhach ag gach saoránach ar uisce óil glan agus go ndéanfar fuíolluisce a chóireáil agus a scaoileadh amach go sábháilte.
‘Is í fís Uisce Éireann ná fóntais uisce poiblí den chéad scoth a sheachadadh a bheidh dírithe ar riachtanais chustaiméirí, ar sheirbhísí éifeachtacha uisce, agus ar thacú le tithíocht, forbairt eacnamaíoch agus cruthú post ar fud na tíre.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.