Foláireamh faoi ‘disruption’ ar soláthar uisce mar gheall ar stailc

Tá sé ráite ag Uisce Éireann go bhféadfadh go gcuirfí isteach ar an soláthar uisce do thithe

Tá foláireamh á thabhairt ag Uisce Éireann go bhféadfadh go gcuirfí isteach ar an soláthar uisce (water supply) ar Déardaoin agus Dé hAoine mar gheall ar stailc ag baill den cheardchumann Unite.

Tá oibrithe seirbhíse uisce i roinnt údarás áitiúil ag stopadh oibre thar an dá lá.

I measc na réimsí a bhféadfadh tionchar (affected) a bheith orthu tá Cathair Chorcaí, Contae Chorcaí, Ciarraí, Fine Gall (Fingal), Baile Átha Cliath Theas, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Lú, Ceatharlach (Carlow), Cathair na Gaillimhe agus Loch Garman (Wexford).

Tá fógraí fiuchphointe uisce (boil notices) réamhchúraim curtha i bhfeidhm cheana féin i gceantair i bPort Láirge (Waterford) agus i dTiobraid Árann (Tipperary).

uisce
Woman filling a glass of water from a stainless steel or chrome tap or faucet, close up on her hand and the glass with running water and air bubbles

Tá Unite ag lorg gealltanas go gcoinneoidh foireann uisce a aistreoidh (transfer) ó údaráis áitiúla (local authorities) go Uisce Éireann a stádas seirbhíse poiblí.

Tá siad ag tabhairt foláireamh freisin faoi chur isteach féideartha ar sheirbhísí uisce, go háirithe, an luas a ndéantar pléascanna ar an ngréasán (burst pipes) uisce a dheisiú i na gcontaetha áirithe eile atá lúite.

SCÉAL EILE: Táimid ag éirí tuirseach de shiopadóireacht ar líne

“D’iarrfaimis ar Unite dul i dteagmháil leis na comhlachtaí ionadaíochta cuí (relevant representatives), agus gan a bheith a chur an soláthar uisce agus an tseirbhís fuíolluisce (wastewater) do thithe agus do ghnóthaí i mbaol,’ a dúirt Ceann Oibríochtaí (Head of Operations) Uisce Éireann Tom Cuddy.

SCÉAL EILE: Rabhadh ón HSE faoi chontúirtí ‘vapes’ mídhleathacha atá ‘toxic’

‘Cé nach bhfuil Uisce Éireann páirteach san aighneas tá ár bhfoireann bainistíochta teagmhais ag leanúint ar aghaidh ag déanamh measúnaithe ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíocht thionsclaíoch.

‘Táimid ag obair go dlúth leis an mbainistíocht sna húdaráis áitiúla chun pleananna cuí a chur i bhfeidhm chun aon chur isteach a laghdú agus a bhainistiú,’ a dúirt an tUasal Cuddy.

Dúirt Unite go bhfuil siad ag iarraidh go neartófaí (strengthen) na gealltanais atá ann cheana maidir le cosaint oibrithe údaráis áitiúil a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí uisce.

SCÉAL EILE: Is féidir leat dul chuig an ollscoil (university) anois gan an Ardteist (Leaving Cert) a dhéanamh

Tá siad ag iarraidh deireadh a chur le bacainní (barriers) seirbhíse agus aoise dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint as roghanna iomarcaíochta (redundancies).

Tagann an t-aighneas i ndiaidh chinneadh chomhaltaí Unite diúltú don doiciméad ‘Framework for the Future Delivery of Water Services’ a chuir an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais (Labour Relations Commission) ar aghaidh anuraidh.

Dúirt urlabhraí don Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (Department of Housing, Local Government and Heritage) gurb é an “framework” an bealach ceart chun dul chun cinn mar leagann sé amach cad a bheidh ar fáil d’oibrithe agus go dtugann sé an chumhacht dóibh cinneadh a dhéanamh go deonach ar an rogha is fearr a oireann dá riachtanais aonair féin.

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram